FÍSEÁN: An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916…

Agus deireadh ag teacht le bliain chomórtha 1916, seo grafaic eolais físe faoin gceangal idir athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bollscaireacht chlaonta é seo nach bhfuil bunaithe ar aon cheo ach seo: ba mhaith linne, lucht na Gaeilge a cheapadh go raibh baint lárnach ag an nGaeilge le 1916.

    Ach ag breathnú ar na fíricí staire go fuarchúiseach, bheadh sé níos goire don fhírinne, a rá gur usáid an IRB an Gaelic League, go neamhleithscéalach ó 1914 ar aghaidh, i mbealach a rinne dochar mór do Chonradh na Gaeilge: rinne siad iarracht seilbh a thógail ar Choiste Ghnó na heagraíochta i nDún Dealgan, d’usáid siad ranganna Gaeilge mar bhealach le daoine a earcú is óglaigh a thraeneál, d’usáid siad ceanncheathrú an Chonradh leis an Éirí Amach a phleanáil ach ansin nuair a bhí Forógra na Cásca á scríobh níor deineadh tagairt ar bith do cheist na Gaeilge. Mar is léir ón leabhar a scríobh Liam Ó Briain faoin Éirí Amach, is beag Gaeilge a bhí le cloisteál le linn na seachtaine.

    Dá ndéanfadh aon pháirtí polaitiúl anois neamhaird ar an nGaeilge i manifesto toghcháin sa lá atá anois ann, mar a rinne an IRB sa bhforógra i 1916, bheidís damnaithe againn. Ach is maith linn an finscéal seo a choinneál dúisithe go raibh baint mhór ag an nGaeilge le Éirí Amach na Cásca, cé go léiríonn na fíricí a mhalairt!