FÍSEÁN: An chuid Ghaeilge d’óráid Catherine Martin fágtha ar lár ag an Irish Times

Chuir an clár Cormac ag a Cúig ceist ar lucht an nuachtáin faoin gcúis nár foilsíodh ar a suíomh idirlín an chuid Ghaeilge den óráid chéanna

Tá an méid a bhí le rá i nGaeilge ag Catherine Martin sa Dáil inné foilsithe ag an Irish Times i ndiaidh don chlár Cormac ag a Cúig ceist a chur ar lucht an nuachtáin faoin gcúis nár foilsíodh ar a suíomh idirlín an chuid Ghaeilge den óráid chéanna.

Tá an chuid Ghaeilge den óráid, atá le feiceáil thuas, fós ar lár san fhíseán a ghabhann le téacs na hóráide ar shuíomh an Irish Times.

Bhí an chéad óráid a thug Martin, Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, go mór i mbéal an phobail le lá anuas toisc a phaiseanta is a bhí sí.

Thug urlabhraí ón Irish Times le fios gur foilsíodh sliocht den óráid fad is a bhíothas ag fanacht ar leagan iomlán di agus gurbh é sin ba chúis leis an sliocht Gaeilge a bheith fágtha ar lár sa chéad leagan a foilsíodh.

Tá an méid a bhí le rá i nGaeilge ag Martin fós ar lár san fhíseán dá hóráid atá foilsithe ag an Irish Times.

Ba i nGaeilge a chuir Martin tús lena céad óráid sa Dáil:

“Toisc gurb í seo an chéad uair dom labhairt sa Dáil, ba mhaith liom i dtús báire mo bhuíochas a ghabháil le muintir Bhaile Átha Cliath – Ráth an Dúin as an onóir seo a thabhairt dom agus as a gcuid muiníne ionam a léiriú chun ionadaíocht a dhéanamh ar a son sa Dara Dáil is Tríocha,” a dúirt Catherine Martin.

Labhair an Teachta Dála i nGaeilge arís i dtreo dheireadh na hóráide.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An chuid Ghaeilge d’óráid Catherine Martin fágtha ar lár ag an Irish Times'

  • Fiosrach

    Agus cá bhfuil an chuid Béarla den óráid foilsithe ar an suíomh seo?

  • Eoghan ONeill

    Maith an bhean thú Catherine Martin go mba fada buan thú!

    Musclóidh dúchas an phobail le fada i suan
    Nuair bhéas adhmad inniu is an choill go buan,
    as grága seana-choillte tiocfaidh athfás beoga
    beidh na daoine ag damhsadh is a gcroithe cróga!

  • Breathnóir

    Nuair a labhraíonn duine éigin i nGaeilge ar RTÉ is gnách go ndeir na fotheidil: ‘speaks in Irish’, .i. ní fiú bacaint leis an chuid sin den chomhrá, dar leo. Sin nó nach bhfuil focal Gaeilge ag an fhotheidealóir…