FÍSEÁN: Agallamh le Ré Ó Laighléis

Labhair an scríbhneoir Ré Ó Laighléis le Tuairisc.ie faoina ‘memoir’ nua agus faoi chúrsaí léitheoireachta

Tá an teach foilsitheoireachta ‘Móinín’ ag glacadh le hiarratais dá nDianchúrsa i Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil a bheas ag toiseacht mí Mheán Fómhair seo chugainn.

Cúrsa sé seachtaine faoi stiúir Ré Uí Laighléis is ea é a dhíríonn ar na struchtúir agus na bunscileanna riachtanacha a bhaineann le scríobh an ghearrscéil agus an úrscéil.

“Bíonn muid ag díriú ar sprioc amháin, is é sin go go mbeadh gearrscéal críochnúil infhoilsithe scríofa ag gach duine faoi dheireadh an chúrsa,” arsa Ó Laighléis.

“B’fhéidir gur ceapadh nach mór an méid é ach chun an fhírinne a rá – agus bím ag plé le gearrscéalta, úrscéalta, drámaí agus an réimse ar fad – an ceann is deacra ar fad le scríobh go héifeachtach is ea an gearrscéal.”

Scríobhann Ré Ó Laighléis ábhar ficsin do pháistí, do dhéagóirí agus do léitheoirí fásta, idir Ghaeilge agus Bhéarla. Tá aistriúcháin déanta go forleathan ar a chuid úrscéalta agus cnuasaigh gearrscéalta agus tá iliomad duaiseanna agus gradaim bronnta air. I mbliana, ainmníodh ar ghearrliosta do Chraobh-údar Fhicsean Éireannach na bliana é.

Is in An Scríobhlann – áras traenála MHÓINÍN i mBaile Uí Bheacháin, Co. an Chláir, a thabharfar an cúrsa. Tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Agallamh le Ré Ó Laighléis'