FÍSEÁIN: Ó ‘CSI: NY’ go ‘Boardwalk Empire’…an Ghaeilge ‘gan choinne’ ar an scáileán

Seo 5 shampla de na huaireanta sin ar tháinig an Ghaeilge aniar aduaidh orainn ar an scáileán…

Blown Away

Blown Away an scannán is túisce a thagann chun cuimhne agus duine ag breathnú siar ar shaothar Tommy Lee Jones, ach seans gurb é an t-aon pháirt ina bhfuil beagáinín Gaeilge le cloisteáil uaidh. “Ní féidir liom é a dhéanamh gan thú, a deir a charachtar, ball den IRA, lena chomhghleacaí sa chillín, díreach sula maraíonn sé é sa chéad radharc eile.


CSI: NY

Is iomaí uair a úsáidtear an Ghaeilge thar lear chun comhráite a choinneáil faoi rún ach bhí an mí-ádh ar Finn Wexford i CSI:NY nuair a mhaslaigh sé bleachtaire a raibh ‘an cúpla focal’ foghlamtha aige óna dhaideo.


Gangs of New York

Dar ndóigh, tá neart Gaeilge ag Brendan Gleeson agus bhain sé úsáid aisti sa scannán Gangs of New York agus é ag cur beagáinín comhairle ar Leonardo di Caprio.


Boardwalk Empire

Bhí roinnt Gaeilge sa tsraith teilifíse Boardwalk Empire chomh maith ós rud é gur rugadh duine de na príomhcharachtair, Margaret, i gCiarraí. Ba léir go ndearna Margaret ranganna Gaeilge le linn na sraithe mar cé nach dtuigeann sí beannacht duine dá muintir i Séasúr 2

(‘Sláinte ag na fir, agus go maire na mná go deo’), i Séasúr 5 éiríonn léi ciall a bhaint as Gaeilge aisteach Joseph Kennedy (‘Go gcasfar le chéile sinn arís’).


Million Dollar Baby

Thuigfeá do charachtar Morgan Freeman i Million Dollar Baby a cheap gur Gréigis a bhí á foghlaim ag Clint Eastwood. ‘Gaelic’ a bhí á labhairt ag Eastwood, dar leis féin, agus cé sinne chun easaontú leis?

Fág freagra ar 'FÍSEÁIN: Ó ‘CSI: NY’ go ‘Boardwalk Empire’…an Ghaeilge ‘gan choinne’ ar an scáileán'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    D’fhág sibh Tarzan as an áireamh, tá an clip ag Breandán Delap!

  • Seoirsinn

    An tsraith Deadwood freisin, tá comhrá i ngaeilge ann, ach go bhfuil an bheirt atá i gceist ceaptha bheith as Albain, ceapaim?