FÍSEÁIN: Na húid is fearr riamh a d’aimsigh Éire in aghaidh na All Blacks…

Agus Éire ag tabhairt aghaidh ar an Nua-Shéalainn tráthnóna, breathnaíonn Tuairisc.ie ar chuid de na húid is fearr atá aimsithe againn i rith na coimhlinte

FÍSEÁIN: Na húid is fearr riamh a d’aimsigh Éire in aghaidh na All Blacks…

Conor Murray. INPHO/Dan Sheridan

Is é cluiche an lae inniu an 30ú huair a thabharfaidh Éire agus an Nua-Shéalainn aghaidh ar a chéile sa rugbaí. Ar ndóigh, níor bhuaigh Éire ach ceann amháin acu sin, an cluiche a imríodh coicís ó shin i Chicago.

Cé gur scóráil siad cúig úd sa bhua sin, níl ach 38 úd scóráilte ag Éirinn sna cluichí ar fad i gcoinne na All Blacks, 72 níos lú ná an 110 úd atá aimsithe ag an Nua-Shéalainn féin sna cluichí céanna. É sin ráite, tá cúpla úd maith faighte ag na hÉireannaigh agus roghnaítear anseo na cinn is fearr acu.

Tom Grace (1973)

Ar ndóigh, ba é an bua coicís ó shin an chéad bhua a bhí ag Éirinn ar an Nua-Shéalainn riamh ach is beag nach ndearna siad an beart 43 bliain ó shin nuair a chas na foirne ar a chéile i mBaile Átha Cliath. Agus na ‘All Blacks’ 10-6 chun cinn agus an t-am caite, d’aimsigh Tom Grace úd den scoth chun na foirne a chur ar comhscór (níorbh fhiú ach ceithre pointe úd ag an am). Tháinig na sluaite isteach ar an bpáirc ag ceiliúradh ach cé go raibh deis ag Barry McGann an bua a fháil ach na pointí breise a shlánú, amú a chuir sé an cic.

Kevin Maggs (2001)

Gluaiseacht a bhí ann a thosaigh thiar i leath na hÉireann le clibirt.  Thug Brian O’Driscoll óg ruathar trí lár na páirce sula ndearna David Humphreys an rud céanna chun an spás a chruthú do Kevin Mags chun scóráil faoi na postaí.

Brian O’Driscoll (2010)

Léirigh BOD an scil iontach a bhí aige sa scór seo. Cé go ndeachaigh pas Rob Kearney chomh fada le Jamie Heaslip amú, tháinig O’Driscoll ar lánluas chun an liathróid a scuabadh leis in aon láimh amháin agus an t-úd a scóráil.

Conor Murray (2016)

Cé go mbeadh duine in ann cúpla úd a roghnú ón mbua cúpla seachtain ó shin, agus go bhféadfaí cás a dhéanamh go háirithe do scóir Robbie Henshaw ag an deireadh, ba é an gliceas a thaispeáin Conor Murray agus a úd siúd á scóráil aige is mó a thaitin linn. Agus an spás taobh thiar de chosaint na Nua-Shéalainne tugtha faoi deara ige, lig Murray air go raibh sé chun pas a thabhairt do Donnacha Ryan sular ghearr sé isteach chun na cosa a thabhairt leis ó na cosantóirí.