FÍSEÁIN: Féachaigí ar 10 gcinn de na scóranna is fearr ó Chraobh Iomána na Bliana seo…

Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chuid de na pointí agus na cúil is fearr a scóráladh i gcraobh na bliana seo, ó thús an tsamhraidh go dtí an cluiche ceannais

FÍSEÁIN: Féachaigí ar 10 gcinn de na scóranna is fearr ó Chraobh Iomána na Bliana seo…

Austin Gleeson v Tiobraid Árann

Scóráladh péire de phocanna sleasa i gcluiche ceannais na hÉireann an Domhnach seo caite, ach ba é ceann Austin Gleeson an ceann ab fhearr i mbliana. Níos mó ná 65m amach ón gcúl a bhí an fear óg.

Diarmaid Byrnes v An Clár

Cé nach bhfuair iománaithe Luimnigh an ceann is fearr ar an gClár i Staid Semple, ní fhéadfá an milleán a chur ar Dhiarmaid Byrnes, a fuair trí phointe, an ceann seo óna leath féin ina measc.

Maurice Shanahan v Loch Garman

Faigheann Shanahan seilbh na liathróide ar an líne 65m agus téann ar ruathar 50 slat chun éalú ó Matthew O’Hanlon agus Paudie Foley sula n-aimsíonn sé pointe.

Joe Canning v An Clár

Níor thóg sé ach 11 soicind ar Ghaillimh cúl a scóráil i dtús an dara leath. Ba í coisíocht Johnny Coen agus David Burke a chruthaigh an seans ach nocht Canning an cumas atá ann leis an gcaoi a bhfuair sé cúilín gan fiú lámh a leagan ar an sliotar.

Conor Fogarty v Port Láirge

Is mó cáil atá ar Conor Fogarty as an obair a dhéanann sé i lár na páirce do Chill Chainnigh seachas a chumas scórála. Ach ba scór tábhachtach é seo agus a fhoireann pointe chun deiridh i dtreo dheireadh na himeartha. Sheol Fogarty an liathróid thar an trasnán ó lár an ghoirt rud a chinntigh lá eile do Chill Chainnigh.

Colin Fennelly v Port Láirge

D’fhéadfadh tú aon cheann de na chéad trí chúl a scóráladh in athimirt chluiche leathcheannais na hÉireann idir Cill Chainnigh agus Port Láirge a  roghnú, ach tá an chéad cheann a d’aimsigh Fennelly roghnaithe againn mar gheall ar an uillinn ghéar a bhí roimhe agus toisc a chruinne is a bhí a iarracht.

Jamie Barron v Cill Chainnigh

Ach an oiread le Conor Fogarty ní bheadh mórán ag súil gurb é Barron a gheobhadh scór cinniúnach agus an crú ag teacht ar an tairne, ach b’in a tharla i Staid Semple. Ní raibh an Déiseach chomh fada amach agus a bhí Fogarty ach b’iontach mar a chruthaigh sé spás dó féin sular scóráil sé agus é gar don taobhlíne.

John McGrath v Gaillimh

Cé go ndearna John McGrath go maith agus an cúl a  fháil agus an liathróid a chur faoi smacht go gleoite, ba é pas láimhe Shéamus Callanan buaicphointe na gluaiseachta sin. Ní raibh an sliotar ach orlach ón talamh ach chrom Callanan síos agus thug pas iontach uaidh chuig McGrath.

Seamus Callanan v Cill Chainnigh

Léirigh an scór deireanach ar an liosta seo go bhfuil Callanan go maith in ann scóranna a chruthú ach thaispeáin sé i gcluiche ceannais na hÉireann gur beag duine atá chomh maith leis chun scór a fháil. Bhí de neart ann Joey Holden a chur de, rinne sé éacht an liathróid a smachtú agus bhí sé tapa a dhóthain leis an sliotar a chur thar an trasnán sular tháinig Holden agus Paul Murphy chomh fada leis chun é a stopadh.

John O’Dwyer v Cill Chainnigh

Nuair a fuair O’Dwyer seilbh na liathróide ar an gcliathán clé, níor bhreathnaigh sé go raibh mórán contúirte ann do Chill Chainnigh. Ach a luaithe is a thit a chamán ó Paul Murphy, bheartaigh ‘Bubbles’ bailiú leis i dtreo an chúil agus d’aimsigh sé an sprioc go slachtmhar.

Fág freagra ar 'FÍSEÁIN: Féachaigí ar 10 gcinn de na scóranna is fearr ó Chraobh Iomána na Bliana seo…'