Fís agus cruinneshamhail faoi leith le fáil i ‘Wind River’

Níl i ‘Wind River’ ach an dara babhta ag Taylor Sheridan i suíochán an stiúrthóra, ach is ríléir go bhfuil saoiste scannánaíochta tar éis teacht ar an bhfód

Fís agus cruinneshamhail faoi leith le fáil i ‘Wind River’

Wind River
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Taylor Sheridan
Cliar: Jeremy Renner, Elizabeth Olsen, Gil Birmingham, Graham Greene.

Ba é Taylor Sheridan a dhein an scríbhinn a sholáthar do na saothair thathagacha úd Sicario (2015) agus Hell or High Water (2016). Chinn sé bheith ar an bpeann agus ar an stiúir don táirge seo; go deimhin níl ann ach an dara babhta go raibh sé i suíochán an stiúrthóra. Ina fhianaise sin, agus cumas an tsaothair seo, is ríléir go bhfuil saoiste scannánaíochta tar éis teacht ar an bhfód. Tá an t-aistear sin déanta i ngan fhios nach mór. Má leanann sé ar aghaidh mar seo is gearr go mbeidh sé inchurtha leis na piardaí móra.

Is scríbhneoir é le fís agus cruinneshamhail faoi leith.

Cruthaíonn sé carachtair gur féidir linn ionannú leo agus cuireann sé eachtraí réalaíocha, eachtrúla ar fáil a mbíonn tírdhreacha suaithinseacha mar chúlra acu agus iad ina dtéama agus ina gcarachtair leis.

Anseo, arís, is geall le carachtar agus téama é sneachta, fuacht agus tírdhreach aduain Wyoming. Sa chéad radharc címid mic tír ag seilg i measc scata caorach. I bhfaiteadh na súl tá mac tíre sínte marbh le piléar ó ghunna Corey Lambert (Renner), fiagaí a oibríonn d’fhoras stáit. Tá an radharc lán go gad de sheatanna den tírdhreach agus den sneachta. Is amhlaidh atá don chuid eile don scannán.

Tá eachtraí an scannáin seo bunaithe ar eachtraí a tharla i ndáiríre agus cé go mbím amhrasach i gcónaí faoin maíomh sin is léir ón taighde is bunúsaí go bhfuil fadhbanna maidir le fiosrúcháin na bpóilíní ar eachtraí a tharlaíonn ar thearmainn na mbundúchasach. Abláil faoi dhlínsí a ligeann do chásanna dul i bhfuaire. I ndeireadh an scannáin cuirtear alltacht orainn nuair a fhógraítear nach gcuirtear staitisticí le chéile don líon daoine atá ar iarraidh ar thearmainn na mbundúchasach.

Lá amháin tagann Corey ar chorp mná reoite sa sneachta; is léir go raibh foréigean i gceist. Toisc go bhfuil an corp ar thearmann na mbundúchasach caitear an FBI a tharraingt isteach sa chúram. Seo chugainn ansin Jane Banner (Olsen), gníomhaire óg, saonta ó Florida. Is léir ón gcéad luí súl go bhfuil sí thar a cumas. Níl na héadaí cuí aici fiú agus caitheann sí cinn a fháil ar iasacht. Amhail charachtar Emily Blunt in Sicario (agus Clarice Starling in The Silence of the Lambs) tá sí cróga, cliste, dúthrachtach. Tá tragóid phearsanta ag luí go tom ar Corey agus spreagann seo é le dul i mbun comhghuaillíochta le Jane.

I rith an ama déantar iarracht éachtaint a thabhairt ar an ngruaim agus an easpa dóchais a bhaineann le saol na mbundúchasach. I radharc amháin labhraíonn fear óg go hionraic, truacánta faoi shrathair na hainnise a bheith orthu. I radharc eile deir ceannaire na bpóilíní go mbíonn an dream óg ag súil le dul chun an phríosúin ar mhaithe le ‘three hots, a cot and free cable.’ Fuarthas an-bhlas ar an léargas seo a tugadh ar shaol na mbundúchasach; ní raibh mo ghoile sásaithe, áfach. Go deimhin rith sé liom go n-oirfeadh sraith teilifíse níos fearr don chúram.

Beirt cheann feadhna chumasacha i mbun bleachtaireachta mar sin agus cairdeas seachas rómáns ag fás eatarthu. Tugtar sinn go ceann scríbe fuilteach ach é sásúil.

Fág freagra ar 'Fís agus cruinneshamhail faoi leith le fáil i ‘Wind River’'