Fir óga na Gaeltachta lárnach i mbua Chiarraí agus 2-4 ag Ó Sé

Dhá chúl agus ceithre chúilín a d’aimsigh Tomás Ó Sé, duine de chúigear ó CLG na Gaeltachta a d’imir d’fhoireann shóisir Chiarraí a fuair an ceann is fearr ar Chorcaigh i sárchluiche i bPáirc Uí Rinn aréir

Fir óga na Gaeltachta lárnach i mbua Chiarraí agus 2-4 ag Ó Sé

Tomás Ó Sé na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí an dá chúl agus ceithre chúilín a d’aimsigh Tomás Ó Sé ón nGaeltacht ina spreagadh mór ag foireann shóisir Chiarraí a fuair an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na Mumhan i bPáirc Uí Rinn aréir.

Farasbarr seacht bpointe a bhí ag Ciarraí i ndiaidh am breise, 4-24 in aghaidh 3-20, ach bhí orthu teacht aniar a dhéanamh sa dara leath chun craobh na Mumhan a bhuachan den cheathrú huair as a chéile sa ghrád seo.

Bhí cúil Uí Shé, duine de chúigear ó chumann Chorca Dhuibhne a d’imir aréir, cinniúnach i mbua na Ríochta. Fuair fear Dhún Chaoin an chéad cheann agus Ciarraí seacht bpointe chun deiridh sa dara leath agus d’aimsigh sé an dara ceann sa chéad leath d’am breise, rud a chuir Ciarraí ar bhóthar a leasa.

Bhí Ciarraí buíoch d’imreoir eile de chuid na Gaeltachta, Tomás Mac an tSaoir, chomh maith. Rinne an cúl báire dhá shábháil mhaithe sa chéad deich nóiméad den chluiche chun Ciarraí a choinneáil sa chluiche.

Ní fhéadfadh Mac an tSaoir tada a dhéanamh chun iarracht Ronan O’Toole a stopadh leath bealaigh tríd an gcéad leath agus bhí Corcaigh in uachtar as sin go leath ama, iad 1-11 in aghaidh 0-9 chun cinn ag leath ama.

D’aimsigh Corcaigh 1-1 ag tús an dara leath rud a d’fhág naoi bpointe chun cinn iad. Eoghan Buckley a d’aimsigh an cúl dóibh.

Ach rinne Ciarraí teacht aniar iontach agus d’aimsigh siad 2-5 taobh istigh de 11 nóiméad.

Ba é Ó Sé a d’aimsigh an chéad chúl tar éis 38 nóiméad agus nuair a scóráil Philip O’Connor ceann eile ceithre nóiméad ina dhiaidh sin, bhí na foirne ar comhscór, 2-12 an taobh. Bhí siad fós cothrom, 2-17 an taobh, i ndiaidh uair an chloig agus bhí am breise ag teastáil dá réir.

B’iad Ó Sé agus O’Connor a rinne an diabhal ar Chorcaigh arís in am breise, agus cúl ag an mbeirt acu sa chéad deich nóiméad. Cé go bhfuair Corcaigh cúl eile sa dara leath, bhí a rás rite faoin tráth sin.

Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar Liatroim i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus foireann na Ríochta sa tóir ar a dtríú craobh uile-Éireann as a chéile.

Cúigear ar fad ón nGaeltacht a bhí ar fhoireann na hoíche aréir; Ó Sé, Mac an tSaoir, Roibeard Ó Sé, Éanna Ó Conchúir agus PJ Mac Láimh.

Bhí Micheál Ó Laoghaire ó Naomh Abán ar fhoireann Chorcaí.

Fág freagra ar 'Fir óga na Gaeltachta lárnach i mbua Chiarraí agus 2-4 ag Ó Sé'