Fir, Marú agus Grá agus an ‘canopy’ caillte ag Ó Cuív ar Seacht Lá

Deineadh cur síos deisbhéalach, léargasach ar thragóid in ‘Fir, Marú agus Grá ar TG4’ agus cé nár doirteadh aon fhuil ar Seacht Lá, bhain ár léirmheastóir súp chomh maith as comhrac béil idir Páidí Ó Lionáird agus Éamon Ó Cuív

Screen Shot 2015-11-19 at 20.30.28

Bhí cad é foréigean le feiceáil ar TG4 Dé Céadaoin le hathchraoladh den chlár Idir Mná agus an dara clár den tsraith nua Fir, Marú agus Grá (TG4, Dé Máirt). B’ait liom ar shlí go raibh an tsraith nua seo á taispeáint i ndiaidh athchraoltaí. Bíodh sin mar atá, déanann an tsraith seo iniúchadh ar chásanna dúnmharaithe sa tír seo inar mharaigh fear a chéile nó a leannán.

Sa chéad chlár, is dúnmharú Jean Gilbert in 2007 a bhí idir chamáin agus tá go leor comparáidí le rian idir é agus an dara clár mar a tugadh cuntas ar dhúnmharú Mary Whelan in 2001.

Ní raibh Mary agus Colin Whelan pósta ach le sé mhí nuair a fuair na seirbhísí éigeandála glaoch ó Colin á rá go raibh sí tar éis titim síos an staighre. Níorbh fhada gur tharraing Colin amhras air féin.

Thug altra faoi deara go raibh scríob air agus thug tochailt na meithle fóiréinsí nithe chun solais nach raibh ag teacht le tuairiscí Colin. Gabhadh agus cúisíodh é níos déanaí an bhliain chéanna agus ciontaíodh é in 2005. Gearradh príosúin saoil air.

Tá súp le baint as an tochailt fhóiréinseach ar fad à la CSI agus ní fhéadfá gan a bheith tógtha le críochnúlacht agus pointeáilteacht na nGardaí. Ag an am céanna, chuir cruálacht agus amaideacht an fhir déistin orm.

Mar chuid den bhfiosrúchán, gabhadh ríomhaire oibre Colin agus deineadh a stair cuardaigh a iniúchadh, jab a raibh obair chapaill ag baint leis mar go raibh na mílte cuardach ar an bhfreastalaí. Bhí an chuma ar an scéal gur as drochscannán B a tógadh cuid d’fhíricí an scéil: Colin ag iarraidh a thabhairt le fios gur chuir sé lámh ina bhás féin; éalú chun na Spáinne agus fianaise go raibh an rud ar fad réamhbheartaithe aige mar gheall ar pholasaí árachas saoil. Ar an drochuair, ní haon ficsean atá anseo.

Le míreanna athchruthaithe, grafaicí agus cloigne cainte, déantar an scéal truamhéalach, brúidiúil seo a chur os ár gcomhair go snasta. Lena cheart a thabhairt don táirge, is i nGaeilge a labhair formhór na gcloigne cainte (Caoimhe Ní Laighin, an t-abhcóide Fiona Sheehan agus an síceolaí fóiréinseach Siobhán Nic Coitir ina measc) agus tugadh cur síos deisbhéalach, léargasach ar an tragóid agus an fiosrúchan cuimsitheach a lean é.

B’fhuirist a aithint go bhfuil olltoghchán ar leic an dorais againn agus na polaiteoirí ag guailleáil isteach os comhair na gceamaraí. Bhí seo le feiscint ar 7 Lá (TG4, Dé Máirt) mar ar thug Éamon Ó Cuív agus Seán Kyne aghaidh ar a chéile ó Bhaile Átha Cliath. Bhí triúr eile bailithe isteach sa stiúideo, Steve Ó Cúláin ó Údarás na Gaeltachta ina measc, le cúrsaí tuaithe (bánú, leathanbhanda, eisimirce srl.) a phlé.

Meastar go mbeidh an t-ábhar seo mar chloch ar phaidrín na vótóirí tuaithe is aghaidh á thabhairt acu ar an mbothán vótála san athbhliain. Caithfidh mé a rá go raibh díospóireacht bhríomhar, fhiúntach acu faoin ábhar. Bhaineas súp as an gcomhrac béil beag idir Páidí agus Éamon Ó Cuív nuair a thosaigh Teachta Dála Chonamara ag cailliúint an chanopy faoi shleais fhánach a chaith fear Chorcaí fé acmhainní fuinnimh a bheith scaoilte uainn go neafaiseach.

 

Fág freagra ar 'Fir, Marú agus Grá agus an ‘canopy’ caillte ag Ó Cuív ar Seacht Lá'