‘Fir Bolg’ tagtha chun críche agus Hector ar an mbóthar i gcónaí

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Bhain ár léirmheastóir súp as scannánaíocht ghuairilleach Hector agus siamsaíocht ‘Fir Bolg’ ar TG4

‘Fir Bolg’ tagtha chun críche agus Hector ar an mbóthar i gcónaí

Tháinig Fir Bolg chun críche aréir ar TG4. Cé nach raibh sé gan locht caithfidh mé a rá gur bhaineas súp as agus dar liom go gcuireann a leithéid de shraith go mór le sceideal an stáisiúin.

Fé mar atá ráite agam cheana fágann aistriúchán a rian féin ar scríbhinn agus cinneadh cuid mhaith de shlaiseanna an tsaothair a fhágaint i mBéarla. Nuair a fhógraíonn carachtar Máirtín Jamsie le carachtar Amy Huberman go bhfuil na Fir Bolg fós ‘hip,’ an carúl a chaitheann sí thar n-ais leo ná go bhfuil ‘hip replacements’ ag teastáil uathu. A leithéid sin síos tríd.

Fágann sin rian láidir an Bhéarla ar an táirge. Ina dhiaidh sin féin bhí greann ag baint leis na míreanna seo, ceann Huberman ach go háirithe agus adhmad á bhaint as a heaspa tuisceana ar an nGaeilge is í ag caint faoi na ‘Belly Men.’

Bhí raidhse caimeonna sa tsraith ó thús deireadh. Sa dá chlár dhéanacha bhí Brendan Grace, Daniel O’Donnell, Ryan Tubridy, Amy Huberman agus Stephen Rae againn. Cé nach áin liom an nós seo rinneadh a bhformhór a shú isteach go nádúrtha, agus go deimhin chuireadar leis an tsiamsaíocht.

Ba dheas an smaoineamh é an radharc ar an Late Late cé go raibh cuma amscaí, míchompordach air, ach is dóichí go bhféadfaí a rá go raibh réalachas ag baint leis an mhír dá réir, óir go mbíonn an míchompord agus amscaíocht lárnach sa Late Late ar na saolta seo.

An ghné ba láidre den saothar ná an aisteoireacht. Bhí cliar iontach roghnaithe agus bhí comhghuaillíocht iontach eatarthu. Ar uairibh bhíos ag rá liom féin go bhféadfadh níos mó drámatúlachta a bheith curtha sa táirge le leas a bhaint as an meitheal.

Tá Hector ar an mbóthar ó 1996. Ar a shlí shainiúil féin ba é, agus daoine nach é, a thug féiniúlacht faoi leith don stáisiún sna blianta tosaigh. D’éirigh leis lucht féachana níos óige, agus ar bheagán Gaeilge b’fhéidir, a mhealladh ón tús lena phearsantacht réchúiseach, ghreannmhar, mhagúil. Ní haon ionadh go bhfuil ceithre dhuais IFTA crochta leis aige.

I gcaitheamh na mblianta tá turas tugtha aige ar bhreis ar 100 áit ar fud an domhain don iliomad clár difriúil. Sraith ar an déanamh céanna é Hector Central (TG4, aréir) ina dtugann fear na Mí sciúird ar Mheiriceá Láir (Belize, El Salvador, Honduras, Panama, Nicaragua, Costa Rica agus Guatemala). Ba in El Salvador, agus sa bpríomhchathair San Salvador a bhí sé aréir. Cathair í a bhfuil stair fhuilteach aici agus inar dúnmharaíodh 6,500 duine anuraidh. Bhaineas taitneamh as an gclár agus dar liom nach bhfuil cur chuige na sraithe nó an láithreora éirithe seanchaite. Scannánaíocht ghuairilleach atá anseo agus fuadar faoin meitheal le cinntiú go bhfaighimid blaiseadh ceart den tír.

Láithreoir caithiseach é Hector agus éiríonn leis a aíonna a chur ar a suaimhneas. Ní craic amháin atá i gceist agus tá sé breá in ann na míreanna níos sollúnta a iompar. I radharc amháin bhí fear ag iarraidh heiló a rá lena dheirfiúr agus é ag ceapadh go gcraolfaí an clár i Meiriceá. Tháinig sé chun solais ansin nach raibh aon teagmháil acu léi agus ná feadar cá bhfuil sí.

Fág freagra ar '‘Fir Bolg’ tagtha chun críche agus Hector ar an mbóthar i gcónaí'