Fir agus mná sna 20idí á lorg ag ‘Ros na Rún’ do rólanna nua

Tá an sobalchlár cáiliúil ag lorg aisteoirí nua don séasúr úr a bheidh á thaifeadadh ag deireadh an tsamhraidh

Fir agus mná sna 20idí á lorg ag ‘Ros na Rún’ do rólanna nua

Tá aisteoirí nua á lorg ag an sobalchlár Ros na Rún, a bhíonn á chraoladh ar TG4 gach Máirt agus Déardaoin, don chéad séasúr eile, don séasúr a bheidh á thaifeadadh níos deireanaí i mbliana agus á chraoladh ó dheireadh na bliana go dtí 2018.

Deir lucht an chláir go bhfuil go leor ról le líonadh sa séasúr nua seo, ach go bhfuil siad ag lorg fir idir 20-25 bliain d’aois, fear sna tríochaidí,  agus bean i lár na bhfichidí nó na tríochaidí luatha.

Beidh éisteachtaí ar siúl ar sheit Ros na Rún ar an Spidéal i nGaillimh an tseachtain seo chugainn. Tá na léiritheoirí ag iarraidh ar aisteoirí ar spéis leo ról a bheith acu sa dráma dul i dteagmháil leo trí ríomhphost nó ar an bhfón. Ar ndóigh, is cainteoirí líofa Gaeilge atá á lorg ag Ros na Rún do na rólanna nua seo.

Tá an 21ú séasúr de Ros na Rún á chraoladh ar TG4 i láthair na huaire. Tá breis agus 140 duine ag obair ar an léiriúchán agus deirtear go mbíonn 150,000 duine ag breathnú ar an gclár in aghaidh na seachtaine. Craoltóir an tsraith Dé Máirt is Dé Céadaoin ar TG4 ag 8.30pm agus bíonn ollchlár ann Dé Domhnaigh ag 7pm.

“Cuireann Ros na Rún céad míle fáilte roimh chainteoirí Gaeilge a mbua agus a gcumas aisteoireachta a thaispeáint. Téigh sa seans agus cuir isteach ar an deis iontach páirt a bheith agat ar an gcéad sraith eile de Ros na Rún a thosóidh i mí Lúnasa na bliana seo,” a dúirt Léiritheoir Sraithe an tsobalchláir, Deirdre Ní Fhlatharta.

Fág freagra ar 'Fir agus mná sna 20idí á lorg ag ‘Ros na Rún’ do rólanna nua'

  • Dara Mac Gearailt

    Tá mé fiche blian d’aois agus táim i mo chonaí in Indreabhán. Tá go leor suim agam in aisteoireacht agus ba bhrea liom páirt , beag nó mór, a bheidh agam i Ros na Rún.