Fiosrúchán ar bun faoi dhamáiste a rinneadh do ATM de chuid Bhanc na hÉireann i nGaeltacht Thír Chonaill

Ní fios go fóill ar bhain an loitiméireacht leis an bhfeachtas in aghaidh an chinnidh nó arbh iarracht a bhí ann airgead a ghoid ón inneall

Fiosrúchán ar bun faoi dhamáiste a rinneadh do ATM de chuid Bhanc na hÉireann i nGaeltacht Thír Chonaill

Tá fiosrúchán ar bun ag Banc na hÉireann faoin damáiste a rinneadh d’ATM dá chuid ar an mBun Beag i nGaeltacht Thír Chonaill.

Crochadh fógra lámhscríofa ar an ATM sa bhanc Gaeltachta ar maidin inar tugadh le fios go raibh an t-inneall “out of service due to vandalism”.

An ATM ar an mBun Beag inniu. Pictiúr: John Barr.

Rinneadh an damáiste tráth a bhfuil agóidí ar siúl ag craobhacha Bhanc na hÉireann ar fud na tíre faoin gcinneadh deireadh a chur le rogha na Gaeilge ar ATManna an bhainc, ach ní fios go fóill ar bhain an loitiméireacht leis an bhfeachtas in aghaidh an chinnidh sin nó arbh iarracht a bhí ann airgead a ghoid ón inneall.

Tá an scéal á fhiosrú i láthair na huaire ag Banc na hÉireann, ach níor cuireadh an Garda Síochána ar an eolas faoin loitiméireacht.

Tá an ATM ar an mBun Beag ar cheann de na ATManna de chuid Bhanc na hÉireann atá lonnaithe sa Ghaeltacht nach bhfuil rogha Ghaeilge ar fáil air. Tá gearáin déanta ag muintir na háite agus ag cuairteoirí go Gaoth Dobhair araon le Banc na hÉireann faoin rogha a bheith bainte den inneall le cúpla bliain anuas.

Eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann inniu taobh amuigh de chraobhacha an bhainc in aghaidh an chinnidh deireadh a chur leis an tseirbhís Ghaeilge ar na hinnill. Níl an rogha ar fáil ar ATManna nua de chuid an bhainc atá á gcur, de réir a chéile, in áit na seaninneall.

Thug Banc na hÉireann le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo nach bhfuil sé “inmharthana” rogha Ghaeilge a chur ar fáil ar na hinnill nua airgid atá á gcur ar fáil le seacht mbliana anuas. Dúirt urlabhraí de chuid Bhanc na hÉireann le Tuairisc.ie nach bhfuil rogha Ghaeilge ar an hinnill nua mar gheall ar an “éileamh beag” a bhí ar an rogha Ghaeilge a bhíodh ar na ATManna a bhíodh ann roimhe seo.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán ar bun faoi dhamáiste a rinneadh do ATM de chuid Bhanc na hÉireann i nGaeltacht Thír Chonaill'