Fiosrúchán ar bun ag Roinn na Gaeltachta faoin nGaelacadamh sa Spidéal

Tuairiscítear nár íocadh cuid de na múinteoirí a chuireann ranganna ceoil ar fáil do pháistí i nGaeltacht Chonamara le breis is dhá bhliain anuas

Fiosrúchán ar bun ag Roinn na Gaeltachta faoin nGaelacadamh sa Spidéal

Tá fiosrúchán ar bun ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi ghnóthaí airgid an Ghaelacadaimh a chuireann ranganna ceoil ar fáil do pháistí i nGaeltacht Chonamara. De réir tuairisce ar Nuacht TG4 tráthnóna maítear nár íocadh cuid de na múinteoirí le breis is dhá bhliain anuas.

Tuigtear go bhfuil na múinteoirí thar a bheith míshásta faoi seo agus go ndearna cuid acu gearán leis an Roinn faoin scéal.

Dheimhnigh Roinn na Gaeltachta tráthnóna go bhfuil deontas de €130,000 ceadaithe acu don Ghaelacadamh don bhliain 2017/18 ach nach bhfuil aon chuid de sin íoctha leis an eagraíocht go dáta de bharr ceisteanna faoi riaradh na heagraíochta. I ráiteas a thug an Roinn do Nuacht TG4 tráthnóna dúradh go bhfuil “gnéithe faoi leith a bhaineann le rialachas san eagraíocht agus an cúiteamh atá ag seasamh amach le híoc le lucht teagaisc na heagraíochta á bplé ag an Roinn leis an nGaelacadamh i láthair na huaire”.

Tá an Gaelacadamh lonnaithe sa Spidéal i gCo na Gaillimhe. Bunaíodh é chun an cultúr Gaelach a chothú agus a chur chun cinn i nGaeltacht Chonamara agus in Árainn trí ranganna ceoil traidisiúnta, an amhránaíocht ar an sean-nós agus an damhsa ar an sean-nós a chur ar fáil don aos óg. Bíonn baint ag an nGaelacadamh freisin le heagrú imeachtaí cultúrtha, ar nós Éigse an Spidéil. Tá os cionn 1,000 dalta ag freastal ar ranganna an Ghaelacadaimh faoi láthair. Thart ar scór múinteoir atá fostaithe go páirtaimseartha acu, ina measc ceoltóirí fíor-aitheanta ar nós Mary Bergin agus Noel Hill.

Nuair a d’fhiafraigh Nuacht TG4 den Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an raibh sé i gceist an comhlacht a scor i bhfianaise na bhfadhbanna leanúnacha, dúradh nach bhfuil “aon ról ag an Roinn maidir le dúnadh nó leachtú an Ghaelacadaimh” agus gur “ceist í sin don eagraíocht féin”.

Dúirt urlabhraí ón Gaelacadamh go raibh lucht na heagraíochta ag obair le Roinn na Gaeltachta d’fhonn “réiteach a fháil”.