Fiosrú, foghlaim agus droch-chuimhne

Tá ceachtanna le foghlaim ón ngéarchéim atá á fiosrú ag coiste Oireachtais. Ach an mian linn iad a fhoghlaim?

02/07/2015. Former Fianna Fail Taoiseach Brian Cowen speaking to reporters inside the gates of Leinster House this morning ahead of the Banking Inquiry. Photo: Sam Boal/RollingNews.ie
Brian Cowen. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Cuirfidh an Fiosrúchán Baincéireachta deireadh le ceistiú finnéithe i gceann cúpla lá, agus táthar ag súil go mbeidh tuairisc an choiste ar fáil roimh dheireadh na bliana.

Tá achoimre in aon abairt amháin ar líon láithreáin an Fhiosrúcháin ar a théarmaí tagartha:

“Is éard is cuspóir leis an bhFiosrúchán ná fiosrú a dhéanamh faoi na cúiseanna a raibh géarchéim chórasach bhaincéireachta in Éirinn, lena n-áirítear na tosca agus na beartais i dtaobh cúrsaí polaitiúla, geilleagracha, sóisialta, cultúir, airgeadais agus iompraíochta, a raibh tionchar acu ar an ngéarchéim nó a chuir léi, agus na hathchóirithe coisctheacha a cuireadh i bhfeidhm d’aithle na géarchéime.”

Tá rud amháin soiléir cheana féin, mar a bhí ó bunaíodh an coiste bliain ó shin. NÍ bheidh breithiúnas ar bith sa tuairisc ar ghníomhartha ná ar fhaillí duine ar bith (mar gheall ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i 2011 maidir le fiosrú Mhainistir Leathrátha).

Dhiúltaigh vótóirí ó shin i leith do leasú ar an mBunreacht a mhol neartú ar chearta coistí Oireachtais. Mar sin féin, ba chóir go mbeadh baill an choiste ábalta cur síos géar ar ar tharla a dhéanamh, agus comhairle stuama a chur ar fáil maidir le conas a leithéid de ghéarchéim a sheachaint amach anseo. Is é sin más féidir cúrsaí polaitíochta a chur i leataobh.

Tá amhras ort? Ormsa freisin. Go háirithe ó tharla go bhfuil siad go léir ag smaoineamh ar an olltoghchán atá romhainn faoi cheann sé mhí. Mar sin féin, ní fiú a bheith ag tuairimíocht anois. Neosfaidh an tuairisc féin toradh a saothair, ach ní foláir a bheith amhrasach faoi fhiúntas an Fhiosrúcháin ar chúis níos doimhne.

Ar ndóigh, tá a fhios ag gach duine sa tír go ndeachaigh muid ar mhíthreoir ar go leor bealaí sna blianta roimh thubaiste 2008. Ach ní hionann fios agus foghlaim, ná buanchuimhne.

Rinne an t-eacnamaí cáiliúil John Kenneth Galbraith cur síos breá gonta ar thubaiste eacnamaíochta eile ina leabhar The Great Crash 1929. Ba léir ónar tharla an uair sin, dar leis, nach mian le lucht gnó ariamh a admháil go bhfuil cúrsaí ag dul ó smacht, ná go bhfuil mórchliseadh eacnamaíochta ag bagairt.

Ba léir do Galbraith freisin nach mian le rialtais gníomhú chun tubaiste eacnamúil a sheachaint, in ainneoin dainséir ar fhaitíos (a) go gcuirfí síorfhás an gheilleagair i mbaol agus (b) go gcaillfidís vótaí mar gheall ar a stuaim. Thagair Brian Cowen i bhfocail eile do cheist na vótaí agus é os comhair an fhiorúcháin.

Tar éis mhórchliseadh 1929, níor mhaolaigh ar neamhthoil a bhíonn ann i measc lucht gnó/airgeadais a admháil go mbíonn cúrsaí ag dul ó smacht.

Ach dar le Galbraith gurb í an chontúirt is mó ar fad ná go bhfanann daoine ar léir dóibh baol a bheith á bhagairt ina dtost.

Bhí súil ag Galbraith go gcoinneodh taighde staire mar The Great Crash cuimhne an phobail beo ionas go gcuirfí moill ar an gcéad tubaiste eile. Ní raibh aon amhras air, agus a leabhar á scríobh aige i 1954, ach go mbeadh mórchliseadh eile ann, mar gheall ar dhainséar bunúsach nach bhféadfaí a sheachaint:

“It is what causes men who know that things are going quite wrong to say that things are fundamentally sound.”

Ní beag, mar sin, an saothar, dá shrianta é, atá idir lámha ag an mbean (an Seanadóir Susan O’Keeffe) agus ag na fir atá ar an gcoiste fiosrúcháin; ná an deis atá acu muid a choinneáil ar bhealach ár leasa.

Ar feadh tamaill, pé scéal é.

Is láithreoir ar an gclár ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Fiosrú, foghlaim agus droch-chuimhne'