Fíoraontas, nó Aontas na hEorpa Teoranta?

Is féidir géarcheim na Gréige a réiteach, ach teastaíonn toil, crógacht, foighne agus, thar aon rud eile, muinín - mar a léiríonn cás Thuaisceart Éireann

Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland
Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Bhí sé d’ádh ar údar an cholúin seo a bheith i mbun tuairisceoireachta le Nuacht TG4 agus próiseas na síochana á thabhairt chun aibíochta sa Tuaisceart de réir a chéile.

Is i 1998 a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ach thóg sé naoi mbliana sarar bunaíodh Feidhmeannacht i Stormont ina raibh na príomhpháirtithe go léir toilteanach a bheith páirteach. Murach foighne agus fadbhreathnaitheacht na rialtas i Londain agus i mBaile Átha Cliath, agus Tony Blair agus Bertie Ahern go háirithe, b’fhéidir nach mbeadh Feidhmeanancht uilepháirtí bunaithe fós.

Tá ceacht shoiléir le foghlaim ó scéal Thuaisceart Éireann, sílim, a rachadh chun tairbhe don AE agus don Ghréig dá gcuimhneodh gach duine ar mian leo comhréiteach téagartha a fheiceáil, seachas díbirt na Gréige ó limistéar an euro.

Ní chaillfidh ceannairí polaitiúla vótaí i dtír ar bith, ar ndóigh, má chuireann siad síorbhéim ar aidhmeanna agus ar ghearáin a lucht tacaíochta féin. Mar atá á dhéanamh le tamall ag an Seansailéir Angela Merkel, mar shampla, ag Alexis Tsipras agus ag móran ceannairí Eorpacha eile.

Is breá le polaiteoirí de ghnáth go gcloisfí iad agus a gcás féin á chosaint nó dream éigin eile á cháineadh acu. Ach teastaíonn níos mó nuair atá géarchéim agus cruachás mór le réiteach, agus daoine ag fulaingt dá dheasca, mar atá sa Ghreig.

Faraor, ní léir fós go bhfuil ceannaire nó ceannairí toilteanach dul i mbun comhoibre ar son comhréitigh mar a rinne Bertie Ahern agus Tony Blair i dteannta a cheile. Cheal comhthuisceana ar leas coiteann na hEorpa agus ar chomhréiteach mar ghléas leighis, táimid go léir i sáinn.

Ní léir agus an colún seo á scríobh an mbeidh toradh fónta ar an tairiscint a chuir rialtas na Gréige faoi bhráid airí airgeadais limistéar an euro trathnóna Dé Máirt. Níor thug foinsí rialtais i mBaile Átha Cliath le fios gur shíl siad go raibh mianach réitigh sna beartais nua. Mar sin féin, fiú agus reifreann an Domhnaigh ag teannadh linn, is fiú cuimhneamh arís eile ar a ndúirt Príomh-Aire na Breataine Harold Wilson leathchéad bliain ó shin: ‘A week is a long time in politics.’

Idir an dá linn, seo a leanas trí ábhar machnaimh do pholaiteoirí na hÉireann, agus do gach duine abhus a chuireann spéis i scéal léanmhar na Gréige:

1. An ndéanfadh sé aon dochar d’Enda Kenny fanacht ina thost agus an Ghréig i sáinn, in áit a bheith ag moladh a thíre féin mar eiseamláir ghéire, agus ag cur in aghaidh díluacháil ar bith ar fhiacha as cuimse na Gréige – fiú má aontaíonn go leor Éireannach leis an Taoiseach?
2. Ar mhiste le polaiteoirí abhus atá i bhfabhar dhíluacháil fhiacha na Gréige a rá linn cé mhéad d’airgead cháiníocóirí na hÉireann atá siad a thairiscint ar ár son? Is é sin le rá, airgead ar mian leo é a thairiscint in áit é a chaitheamh, mar shampla, ar chiorrú liostaí feithimh sna hospidéil, nó ar bheartais eile a theastaíonn go géar.
3. An mian le polaiteoirí na hEorpa dáiríre go mbeadh Aontas na hEorpa ag feidhmiú mar fhoras a thugann tús áite do leas na mbanc agus mórchomhlachtaí gnó. Nó i bhfocail eile mar Aontas na hEorpa Teoranta seachas mar Aontas mhuintir na hEorpa?

Focal scoir: tá €350m tugtha ar iasacht don Ghréig ag Rialtas na hÉireann go dtí seo. An bhfuil seans ann go n-aisíocfar é? Mar a deirtear sa Ghréig, μηδέν. Nó inár dteanga féin, a náid.

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Fíoraontas, nó Aontas na hEorpa Teoranta?'