Fionbar Ó Baoill tar éis pléadáil ciontach as €200,000 a ghoid

Thug an Breitheamh John Aylmer bliain do Ó Baoill €25,000 den €200,000 a ghoid sé a íoc ar ais agus chuir sé fógra a phianbhreithe ar athló go dtí mí na Nollag seo chugainn

Fionbar Ó Baoill tar éis pléadáil ciontach as €200,000 a ghoid
Fionbar Ó Baoill
Fionbar Ó Baoill

Phléadáil Fionbar Ó Baoill, príomhoide scoile as Dún na nGall, ciontach i gCúirt Chuarda Choiriúil an Chabháin inniu as suim €200,000, a bhí ag dul do Scoil Náisiúnta Chill na Leice ón Roinn Coimirce Sóisialaí, a ghoid. 

Dúirt Ó Baoill, as Ard an Rátha, leis an gcomhlacht lónadóireachta a bhíodh ag soláthar béilí sa scoil gur cuireadh stop le deontas ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus nach bhféadfaí na béilí a cheannach níos mó.

Níor stopadh an deontas sin ar chor ar bith, áfach, agus ba é Ó Baoill féin a thóg an t-airgead a bhí ag teacht isteach ón Roinn. Thug an Sáirsint Michael Fitzpatrick, a chaith dhá bhliain ag fiosrú an cháis, le fios sa chúirt gur ar bhéilí, laethanta saoire, ar a charr agus ar threalamh chostasach gailf agus turais ghailf sa Spáinn a chaith Ó Baoill an t-airgead. D’úsáid sé cuid den airgead a ghoid sé chun a bhillí tí agus morgáiste a íoc freisin. Chaith sé €66,000 ar chárta creidmheasa amháin de chuid na scoile. 

Bhí aithne mhaith ar Ó Baoill freisin i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Thug sé seal ag obair san eagras CeangalG mar bhainisteoir traenála agus bhíodh sé ag múineadh Gaeilge go rialta i gcoláiste samhraidh i Rann na Feirste.

Thug roinnt múinteoirí teistiméireachtaí sa chúirt ar son Uí Bhaoill, ina measc sin Gerry Murphy ó Choláiste Rann na Feirste. Dúirt Murphy gur cheart a bheith bog ar Ó Baoill mar gur múinteoir den scoth a bhí ann a rinne botún.

Dúirt an Sáirsint Fitzpatrick gur bhuille tubaisteach é an goideadh agus an falsú don bhaile beag a raibh Ó Baoill ina phríomhoide ar an mbunscoil ann ó 2005.

Thug an Breitheamh John Aylmer bliain do Ó Baoill €25,000 den €200,000 a ghoid sé a íoc ar ais agus chuir sé fógra a phianbhreithe ar athló go dtí mí na Nollag seo chugainn. Cé nach raibh sé sásta aon gheallúint a thabhairt uaidh, dúirt sé go raibh sé ag smaoineamh ar gan téarma príosúin a ghearradh ar Ó Baoill.

Chualathas sa chúirt go raibh Ó Baoill anois dífhostaithe agus é ina chónaí lena thuismitheoirí ó d’fhág a bhean chéile é.

Fág freagra ar 'Fionbar Ó Baoill tar éis pléadáil ciontach as €200,000 a ghoid'