Fintrax le díol ar €335m roimh dheireadh na bliana

Tá an comhlacht Fintrax, atá lonnaithe i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe, le díol roimh dheireadh na bliana leis an gcomhlacht Francach Eurazeo. Íocfar €300m nuair a chuirfear an díolachán i gcrích agus €35m eile ag deireadh na bliana 2016

Pic: Simon Dawson/Bloomberg via Getty Images

Tá an comhlacht Gaeltachta Fintrax, atá lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe, le díol leis an gcomhlacht infheistíochta Eurazeo, atá lonnaithe sa bhFrainc.

Íocfaidh Eurazeo suas le €335m le 90% den ghrúpa Fintrax, a sholáthraíonn aisíocaíochtaí CBL do thurasóirí, a cheannach. Íocfar €300m nuair a chuirfear an díolachán i gcrích. Tá an méid sin bunaithe ar luach fiontair €550m a bheith ag Fintrax. Íocfar an €35m eile ag deireadh na bliana seo chugainn, bunaithe ar cén chaoi a n-éireoidh leis an gcomhlacht i gcaitheamh na bliana.

Coinneoidh lucht bainistíochta Fintrax, atá faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh Patrick Wilson, 10% den chomhlacht. Táthar ag súil go gcuirfear an díolachán i gcrích roimh dheireadh na míosa seo chugainn.

Bunaíodh Fintrax sa bhliain 1985 agus tá sé ar an dara comhlacht is mó ar domhan san earnáil. Cheannaigh an comhlacht Sasanach Exponet Private Equity sa bhliain 2012 é ar luacht €170m. Tá fás 20% agus 31% tagtha ar an ioncam agus an tuilleamh faoi seach ó bhí an bhliain 2011 ann.

Fág freagra ar 'Fintrax le díol ar €335m roimh dheireadh na bliana'