Fíneáil €601 gearrtha ar léachtóir ollscoile as Catalóinis a labhairt sa Chatalóin

Bheannaigh Xavier Casanovas do phóilín ag aerfort in Barcelona sa Chatalóinis. Tháinig fíneáil sa phost chuige sé mhí i ndiaidh na heachtra

Fíneáil €601 gearrtha ar léachtóir ollscoile as Catalóinis a labhairt sa Chatalóin

Cuireadh fíneáil €601 ar Chatalónach in Barcelona mar labhair sé i gCatalóinis le póilín Spáinneach ag ionad seiceála na bpasanna ag aerfort El Prat. Is léachtóir in Ollscoil Universitat Politècnica de Catalunya é Xavier Casanovas agus dúirt na póilíní gur chuir sé isteach ar a gcuid oibre nuair a labhair sé leo i gCatalóinis Meán Fómhair seo caite.

Ag labhairt dó leis an nuachtán Catalóinise VilaWeb, dúirt Casanovas gur bheannaigh sé don phóilín i gCatalóinis nuair a thug  sé a phas dó ag an ionad, agus gurbh é sin údar an achrainn.

“Ní bhíonn aon fhadhb agamsa an Spáinnis a labhairt. Is duine mé atá sásta freagra a thabhairt sa Spáinnis nuair a labhraítear liom sa Spáinnis, ach tháinig éirí in airde air agus mar sin choinnigh mé orm ag labhairt na Catalóinise,” a dúirt Casanovas.

Dúirt an póilín leis go bhféadfadh sé a eitilt a chailleadh mura dtosódh sé ag labhairt na Spáinnise. Mhaígh an póilín gur “léiriú dímheasa” a bhí i labhairt na Catalóinise agus gur léiriú a bhí ann ar “easpa tírghrá”.

Lean an póilín Casanovas i ndiaidh dó an t-ionad seiceála a fhágáil agus threoraigh chuig ionad eile eolais é in éineacht le hoifigeach eile lena shonraí pearsanta a bhreacadh. Dúirt an póilín go raibh dualgas ar Casanovas an Spáinnis a labhairt leis agus dá gcoinneodh sé air ag labhairt na Catalóinise go gcaithfidís ateangaire a aimsiú agus go gcaillfeadh sé a eitilt dá bharr.

Nuair a d’iarr Casanovas a uimhir aitheantais ar dhuine de na póilíní, dúradh leis nach raibh sé ar taispeáint toisc go raibh an suaitheantas “rómhór don léine”. Mhaígh sé go raibh an bheirt phóilíní ionsaitheach ina gcuid cainte nuair a d’fhág siad slán leis agus dúirt leis go raibh a sheoladh baile ar eolas acu.

Nuair a d’fhill Casanovas ar Barcelona i ndiaidh a thurais, bheartaigh sé gearán oifigiúil a dhéanamh leis na húdaráis mar gheall ar an gcaoi ar caitheadh leis ag an aerfort, ach chaith an t-iniúchóir an gearán amach nuair nár fhéad Casanovas na póilíní a bhí i gceist a ainmniú.

Tháinig fógra chuige sa phost sé mhí i ndiaidh na heachtra ag tabhairt le fios dó go raibh próiseas dlí curtha ar bun maidir lenar tharla ag an aerfort agus gur bhain an cás le “cosaint shábháilteacht na saoránach”.

Maíodh san fhógra gur choir thromchúiseach a bhí i gceist toisc go ndearnadh “neamhaird d’orduithe” a thug na póilíní agus gur cuireadh isteach ar a gcuid oibre dá bharr.

Tá comhairle dlí á lorg ag Casanovas ó na heagraíochtaí teanga  Plataforma per la Llengua agus Fundació Catalunya sula gcuirfidh sé in aghaidh na fíneála. Tá ráite ag na heagraíochtaí sin gur “leithcheal tromchúiseach teanga” atá ar bun ag údaráis na Spáinne.

Tá súil ag Casanovas go mbeifear in ann an gearán a rinne sé féin an bhliain seo caite a athoscailt anois agus an bheirt phóilíní ainmnithe san fhógra a seoladh chuige an mhí seo.

Fág freagra ar 'Fíneáil €601 gearrtha ar léachtóir ollscoile as Catalóinis a labhairt sa Chatalóin'