Fiche bliain, seisear airí…agus gan aon leigheas fós ar fhadhbanna na seirbhíse sláinte

Tá a fhios againn go bhfuil cúrsaí go dona sa tseirbhís sláinte, ach maidir leis na fadhbanna ar fad a leigheas, níl muinín againn as páirtí ar bith

Ó 2005. Pictiúr: Fran Veale/RollingNews.ie
Ó 2005. Pictiúr: Fran Veale/RollingNews.ie

Ceist agam ort. An léir duit aon chosúlacht idir na daoine uaisle seo, seachas a rá gur Teachtaí Dála nó iar-Theachtaí Dala iad go léir a ceapadh mar airí sláinte le fiche bliain anuas?

Leo Varadkar (Fine Gael) 2014 –

James Reilly (Fine Gael) 2011-14

Mary Harney (An Páirtí Daonlathach) 2004-11

Micheál Martin (Fianna Fáil) 2000-04

Brian Cowen (Fianna Fáil) 1997-2000

Michael Noonan (Fine Gael) 1994-97

Is léir láithreach, sílim, an chosúlacht is soiléire eatarthu. Ainneoin corrfheabhsú ar an tseirbhís sláinte a cuireadh i gcrích le linn thréimhsí oifige na n-airí go léir thuas, níor éirigh le hiarrachtaí aon duine acu dul i bhfeidhm ar an bpobal.

Teastaíonn seirbhís uainn a chinnteodh cóir leighis gan mhoill. Cuireann gach scéal scanrúil ó ionad práinne éigin imní orthu siúd atá breoite nó atá ag dul in aois, ach bíonn imní ar an bpobal i gcoitinne freisin. Is bocht an scéal é mar sin nach raibh oiread agus aire sláinte amháin ann le scór blianta anuas a bhí ábalta muid a chur ar ár suaimhneas.

Fiú nuair a bhí an Tíogar Ceilteach i mbarr a réime, is beag dóchas a bhí againn go mbeadh sé ar chumas an rialtais seirbhís den scoth a fhorbairt.

Fillimis ar an liosta thuas. Bhí na hairí thuas freagrach as an Roinn Sláinte le linn do na páirtithe seo a leanas a bheith i mbun rialtais: Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Fianna Fáil, An Comhaontas Glas agus dhá pháirtí eile nach maireann, an Páirtí Daonlathach agus an Daonlathas Clé.

Agus cúrsaí sláinte á bplé, is léir láithreach ón liosta airí an buntáiste atá ag Sinn Féin má chuirtear i gcomparáid leis na príomhpháirtithe eile iad. Ní féidir faillí ná teip de chineál ar bith a chur i leith Shinn Féin, ó tharla nach raibh siad i mbun rialtais ar an taobh ó dheas den teorainn riamh.

Is féidir go leor ceisteanna a chur faoin aisling sláinte a bhfuil cur síos uirthi sa pholasaí sláinte (‘Better for Health’) a d’fhoilsigh Sinn Féin le gairid. Mar shampla, má fhágtar caiteachas breise agus earcú foirne breise (mar atá geallta ag an bpáirtí) i leataobh, an mbeadh sé ar a gcumas tabhairt faoin atheagar atá de dhíth maidir le riaradh na seirbhíse, sna hospidéil go háirithe?

Gan dabht, rachaidh an ghéarchéim áirithe seo sna hionaid phráinne chun tairbhe do Shinn Féin, cé nach féidir leis an bpáirtí a rá leis an bpobal gurb iadsan a bheidh ag dul i ngleic leis an ngéarchéim chéanna tar éis an olltoghcháin. Ach déanann mórfhadhbanna sláinte dochar bunúsach don saol polaitiúil i gcoitinne.

Tá a fhios againn go bhfuil cúrsaí go dona sa tseirbhís sláinte, ach maidir leis na fadhbanna ar fad a leigheas, níl muinín againn as páirtí ar bith.

– Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Fiche bliain, seisear airí…agus gan aon leigheas fós ar fhadhbanna na seirbhíse sláinte'