Fianna Fáil sa bhfaopach i gcónaí i ndiaidh na hArd-Fheise

Ba ar mhaithe le bheith i gcumhacht agus a lorg a fhágáil ar scéal an Stáit seo a bhí Fianna Fáil i gcónaí. An ndéanfar dearmad ar an méid sin?

Micheál Martin. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá Fianna Fáil sa bhfaopach i gcónaí, iad sáinnithe idir Fine Gael agus Sinn Féin in ainneoin go raibh Ard-Fheis bhríomhar acu, mar ar thug Micheál Martin óráid fhórsúil uaidh.

Tá an páirtí ag iarraidh bogadh i dtreo na heite clé, le tacaíocht a mhealladh ar ais ó dhaoine nach bhfuil sásta le cúig bliana de dhéine agus de lagú ar sheirbhísí stáit.

Tá fadhbanna sláinte, fadhbanna tithíochta agus fadhbanna sóisialta ag goilleadh ar chuid mhaith den lucht vótála.

Ach ní bheidh sé bog ag Fianna Fáil teacht i dtír ar an míshástacht sin agus dhá mhórchonstaic rompu amach. Ar an gcéad dul síos, tá Sinn Féin sa mbealach orthu, agus áit níos cinnte ar an eite chlé acu siúd (ní bhíonn aon trácht ag Fianna Fáil, mar shampla, ar phrionsabail Right2Change atá curtha ar aghaidh ag roinnt cheardchumann). I gcomparáid le Sinn Féin, is boichte agus is laige go mór iarrachtaí Fhianna Fáil páirtí den eite chlé a dhéanamh de féin.

Ar an dara dul síos, tá Fianna Fáil ag maíomh go fóill gurb iad féin agus Brian Lenihan, nach maireann, a leag síos bunús na bpolasaithe ar ghlac Fine Gael chucu féin iad chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim.

Tá fírinne sa mhaíomh sin, gan dabht.

Ach cén chaoi ar féidir a bheith ag maíomh as na polasaithe seo agus a bheith á n-ionsaí ag an am céanna? Thug lucht na hArd-Fheise na gártha molta do Mhicheál Martin nuair a dúirt sé go gcuirfeadh an páirtí deireadh le hUisce Éireann (agus na táillí uisce?) ach ba iad Fianna Fáil a thug na táillí céanna isteach ar an gcéad dul síos agus ba iad a mhol chomh maith go gcuirfí ar bun “áisíneacht nua uisce”.

Dá mbeadh an seanchóras ‘dhá pháirtí go leith’ ann, ní bheadh an fhadhb seo ag Fianna Fáil – ach níl.

Go deimhin, tá míshástacht choitianta ann leis an rialtas reatha, agus a lán daoine ag éirí bréan den tsíorchaint ag an rialtas faoin mbealach inar scrios Fianna Fáil an geilleagar. Tá na daoine sin níos buartha faoinar tharla le cúig bliana anuas agus faoina bhfuil i ndán dúinn amach anseo.

Ach léiríonn na pobalbhreitheanna gur beag méadú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag tacú le Fianna Fáil, in ainneoin an mheatha atá tagtha ar thacaíocht Fhine Gael ón olltoghchán deireanach i leith. Mura dtiocfaidh athrú ar an leibhéal tacaíochta atá ag Fianna Fáil faoi láthair, beidh timpeall fiche faoin gcéad den vóta, agus timpeall 34 suíochán nó mar sin acu.

Agus in ainneoin a bhfuil ráite ag Micheál Martin agus urlabhraithe eile an pháirtí, níl aon éalú acu ó cheist na comhghuaillíochta. An é leas an pháirtí dul níos faide i dtreo chur chuige na heite clé agus clár comhrialtais a dhéanamh, más féidir, le Sinn Féin, nó an mbeidís níos fearr as iarracht a dhéanamh míshuaimhneas na meánaicme a mhaolú agus socrú a dhéanamh le Fine Gael.

Níl aon amhras ach go ndéanfadh ceachtar den dá rogha seo dochar don pháirtí. Má théann siad le Sinn Féin, cuirfidh siad ó dhoras cuid mhaith den mheánaicme sa tréimhse amach romhainn, ach má théann siad le Fine Gael, is dócha go mbeadh scoilt sa bpáirtí féin, go háirithe amuigh faoin tuath agus in áiteanna nach bhfuil Sinn Féin láidir.

Ach mura bhfuil na pobalbhreitheanna míchruinn ar fad, ní bheidh rialtas ar bith againn gan socrú éigin a bheith déanta idir dhá cheann de na páirtithe móra – Fine Gael, Fianna Fáil agus Sinn Féin. Ceannfeadhnóirí iad Fianna Fáil mar sin, mar is ar éigean go mbeadh Fine Gael agus Sinn Féin in ann clár rialtais a aontú.

Ach má dhiúltaíonn Fianna Fáil d’aon ról a bheith acu i ndiaidh an toghcháin, céard is fiú iad a bheith ann ar chor ar bith? Mura bhfuil siad sásta fiú dul chun páirce chun an cluiche a imirt, cén tábhacht a bhainfeadh leo?

Tá siad ann sa pháirtí, ar ndóigh, in ainneoin chaint an cheannaire, a thuigeann fírinne an scéil seo agus gurbh fhearr leo dá bharr dul i mbun rialtais le Sinn Féin seachas Fine Gael. Tá Éamon Ó Cuív ar dhuine de na daoine sin, mar shampla.

Tá Micheál Martin ag cur béim mhór ina chuid ionsaithe ar Shinn Féin ar stair na bpoblachtánach sa streachailt armtha. B’fhéidir go dtéann a leithéid de chaint i bhfeidhm ar dhaoine níos aosta ach ní cosúil go dtéann sé i bhfeidhm ar chor ar bith ar dhaoine óga. Tá siadsan níos buartha faoina bhfuil ag tarlú anois.

Mar sin, tá ceist eile á cur: an seasfaidh Fianna Fáil leis an straitéis dhiúltach seo? Seasfaidh sa bhfeachtas toghcháin, ach an amhlaidh a bheidh an port céanna acu ina dhiaidh?

Ní thiocfaidh an páirtí slán mura féidir leo ról faoi leith a aimsiú dóibh féin i saol na polaitíochta, agus ba ar mhaithe le bheith i gcumhacht agus a lorg a fhágáil ar scéal an Stáit seo a bhí Fianna Fáil i gcónaí.

Ach mura féidir leo insint chiallmhar inchreidte a chur os comhair an phobail maidir lena ról agus a mbunaidhmeanna, fágfar ar an ngannchuid iad in ainneoin na ngártha molta ag an Ard-Fheis.

Fág freagra ar 'Fianna Fáil sa bhfaopach i gcónaí i ndiaidh na hArd-Fheise'

  • padraig

    Féach ‘Eoinín na n-éan! Seo é an déja vu ceanann céanna a bhfuilimid tinn tuirseach breoite dhe agus na bréaga agus na geallúíntí áiféiseacha amaideacha nach gcreideann éinne (fiú iad féin)a thuilleadh ó bhéala na ropairí seo a chreach an tír agus a sheol na táinte thar sáile. FF ag druidiúint i dtreo na heite clé ? Mar mhagadh athánn tú !Raghaidís siúd in aon leaba leis an áibhirseoir é féin agus ligfidiís dó iad a shíormharcaíocht ach greim a fháil ar shrianta na cumhachta. Táid sa bhfaopach agus go bhfana siad ann no go mbáfar iad.