Fianaise tugtha sa chúirt faoi phléascán lámhdhéanta ar bhus an oíche roimh chuairt Bhanríon Shasana

Tá Donal Billings, fear as Droim Lis sa Longfort, ar a thriail sa Chúirt Choiriúil faoi láthair agus é curtha ina leith go raibh seilbh neamhdhleathach ar phléascáin aige

Fianaise tugtha sa chúirt faoi phléascán lámhdhéanta ar bhus an oíche roimh chuairt Bhanríon Shasana

Dúradh sa Chúirt Choiriúil Speisialta inniu gur aimsíodh ar bhus pléascán lámhdhéanta a d’fhéadfadh dochar millteanach a dhéanamh an oíche sular thug Banríon Shasana cuairt ar Éirinn i mBealtaine 2011.

Tá Donal Billings, fear as St Brigid’s Court i nDroim Lis sa Longfort, ar a thriail sa Chúirt Choiriúil faoi láthair agus é curtha ina leith go raibh seilbh neamhdhleathach ar phléascáin aige i gcarrchlós stáisiún traenach an Longfoirt an oíche sular cuireadh tús le cuairt Bhanríon na Breataine ar Éirinn in 2011.

Sular cuireadh tús leis an triail inné, thug abhcóide lucht an ionchúisimh, Garnett Orange le fios don chúirt go raibh a cheart á agairt ag an gcúisí go n-éistfí a chás i nGaeilge agus go raibh ateangairí curtha ar fáil chuige sin.

Tá sé curtha i leith Billings chomh maith go ndearna sé iarracht cur isteach ar chuairt Bhanríon na Breataine ar Éirinn i mBealtaine 2011 nuair a thug sé rabhadh bréige do na Gardaí maidir le buamaí a bheith curtha i bhfearas i gceannáras Shinn Féin i mBaile Átha Cliath, i mBusáras, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus in Aerfort Chorcaí.

Tá na cúig chúis atá curtha ina leith séanta ag Billings.

Líomhnaítear go raibh seilbh ag Billings ar ghléas pléascach ar an 16 Bealtaine 2011 agus gur thángthas ar an ngléas pléascach sin ar bhus lasmuigh de Mhaigh Nuad nuair a fuair na Gardaí glaoch ó dhuine anaithnid as an Longfort faoin scéal. Aistríodh 30 paisinéir den bhus agus baineadh an dochar as an ngléas pléascach.

Dúradh sa chúirt inné gur cuireadh glaoch gutháin ar stáisiún na nGardaí sa Longfort ag 8.16pm an oíche sin.

Thug baill den Gharda Síochána agus baill d’Óglaigh na hÉireann fianaise sa chúirt inniu faoi imeachtaí na hoíche.

Dúirt an Garda Dennis O’Brien go raibh sé ar dualgas i gceantar Mhaigh Nuad nuair a fuair sé eolas maidir leis an mbus. Bhí an bus páirceáilte ag stáisiún traenach Bhóthar Theach Strafáin i Maigh Nuad.  Dúirt O’Brien gur iarr sé ar na paisinéirí imeacht den bhus agus go ndearna sé féin agus a chomhghleacaithe cuardach air.

Bhí an Garda Lorna Reilly, a bhí lonnaithe i stáisiún Léim an Bhradáin, ar dualgas sa cheantar freisin an oíche sin. Dúirt sí le habhchóide an ionchúisimh Garnett Orange, gur thiomáin sí chomh fada leis an mbus nuair a cuireadh ar an eolas í faoin scéal.

Chuardaigh Reilly stóras an bhus agus d’aimsigh mála siopadóireachta Tesco agus bhreathnaigh sí isteach ann. Bhí buidéal dhá lítear sa mhála ina raibh leacht chomh maith le téip dhubh agus cadhnra dearg.

Dúirt ball den scuad diúscartha buamaí, nach féidir a ainmniú ar chúinsí dlí, gur chuir sé an buama ó mhaith lena dhá lámh.

Dúradh leis an gcúirt gurbh é a bhí sa ghaireas buidéal dhá lítear a raibh leacht inlasta ann, amadóir lámhdhéanta, píopa umha a raibh ábhar pléascach ann, cadhnra agus tine ealaíne, agus iad uilig ceangailte le chéile le téip dhubh.

Dúirt an finné gur feiste phléascach sheiftithe a bhí sa ghaireas agus go bhféadfadh sí go leor dochair a dhéanamh.

Thug an Garda John Kilroy, ó stáisiún an Longfoirt, le fios go raibh sé ar dualgas sa stáisiún sin an oíche úd agus gur tugadh treoir dó dul chuig stáisiún traenach an bhaile.

Dúirt Kilroy sa chúirt gur chuardaigh sé an bus ach nár tháinig sé ar rud ar bith as an ngnáth ann.

Níl an triail thart go fóill.

Fág freagra ar 'Fianaise tugtha sa chúirt faoi phléascán lámhdhéanta ar bhus an oíche roimh chuairt Bhanríon Shasana'