Fianaise i leabhar nua faoi iarracht ar shladmhargadh a fháil chun ochtar fear as Conamara a chrochadh

Eolas i leabhar nua faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna faoin mbaint a bhí ag sin-sin-seanuncail Phrionsaí Harry agus William Shasana le ceannach finnéithe ar €157,000

William Marwood, an crochadóir. 

Dhein státseirbhíseach cnuaisciúnach sa Ghaillimh iarracht margadh speisialta a fháil ó chrochadóir Sasanach chun ochtar fear as Conamara a chur chun báis as dúnmharuithe brúidiúla Mhám Trasna in 1882.

I litir a aimsíodh i gcartlann Lincolnshire i Sasana, agus atá foilsithe den chéad uair i leabhar nua atá le seoladh anocht, fiafraíonn an Sirriam Cúnta John Redington den chrochadóir William Marwood as Horncastle i Lincolnshire, an mbeadh sé sásta ‘lascaine’ a thabhairt i gcás chrochadh na bhfear “as it is only one day’s job”.

Ba é William Marwood crochadóir poiblí na Breataine agus na hÉireann agus táille áirithíochta £20 in aghaidh na bliana aige chomh maith le táille £10 in aghaidh gach duine a chrocfadh sé.

Agus bille mór le h-íoc aige scríobh an Sirriam Cúnta Redington go dtí Marwood ar an 22 Samhain 1882 faoi “[a] number of executions to take place on Friday the 15th December next”. 

Dúirt Redington nach raibh aon tacaíocht airgid ar fáil dó de réir an dlí agus go dtiocfadh “the entire costs out of his pocket”.

Marwood letter from GalwaycrLincolnshirearchives
An litir a scríobh an Sirriam Cúnta Redington go dtí William Marwood. Le caoinchead Lincolnshire Archives

Cé nach ndúirt sé amach díreach é gur ochtar fear a bhí i gceist, mhol Redington go ndéanfadh Marwood an cúram ar an bpraghas céanna a tugadh an uair dheireanach, “£20 for the day”.

Tá an litir seo mar chuid d’fhianaise nua in Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, leabhar ina bhfuil cuntas ar conas a deineadh sléacht ar theaghlach in iarthar na hÉireann in 1882 agus conas a cuireadh chun príosúin agus chun báis fir neamhchiontacha de bharr fianaise bhréagach a tugadh faoin eachtra fhoréigneach, thragóideach seo a mhaireann fós i gcuimhne na ndaoine.

Tá eolas nua in Éagóir chomh maith faoin tslí ar fhéach sin-sin-seanuncail Phrionsaí Harry agus William Shasana le finnéithe a cheannach.

Fuarthas amach ina dhiaidh sin gurbh fhianaise bhréagach í.

Mar a tharla, níor cuireadh ach triúr den ochtar a ciontaíodh as na dúnmharuithe chun báis agus pianbhreith saoil a cuireadh ar an gcúigear eile ar iarratas ó Fhear Ionaid an Rí, an tIarla Spencer, sin-sin-seanuncail na bprionsaí Sasanacha.

Ceantar Mhám Trasna (1) le Seán Ó Mainíin
Ceantar Mhám Trasna. Pictiúr Seán Ó Mainnín

Ach léiríonn an fhianaise nua in Éagóir, ar thángthas uirthi i gCartlann na Breataine, gurb é an tIarla Spencer féin ba thúisce a chrom ar na finnéithe a cheannach.

Ag deireadh na dtrialacha, inar ciontaíodh ochtar fear, lorg Spencer cead ar Státchiste na Breataine cúiteamh a íoc le triúr fear a mhaígh go bhfaca siad an sléacht ag tarlú.

Telegram ó Spencer
‘The law must take its course…’ Teileagram ón Iarla Spencer chuig Gobharnóir Phríosún na Gaillimhe, 15 Nollaig 1882, ag diúltú don achainí gan Maolra Seoighe a chrochadh. Pictiúr: An Chartlann Náisiúnta

Agus a chás á dhéanamh aige ar son na bhfinnéithe a íoc, dúirt an tIarla go raibh baint mhór ag an bhfianaise a thugadar le ciontú na bhfear.

Dúirt Fear Ionaid an Rí go raibh sé an tábhachtach agus an drochbhail a bhí ar Éirinn an uair sin a chur ar a súile do dhaoine go raibh airgead le fáil ar fhianaise a thabhairt, go háirithe más dá dtoil féin agus ní ar son íocaíochta a thugadar an fhianaise sin.

ClúdachLorgaíodh cead ón Státchiste £1,250 a íoc leis na finnéithe, £500 an duine do na daoine fásta agus £250 don ógánach. 

Ceadaíodh an t-airgead ach luadh go sonrach nach raibh aon chás eile ar an taifead inar ordaíodh finnéithe a íoc as fianaise a thabhairt a chiontaigh daoine in Éirinn.

£100 an ghnáthíocaíocht a bhí ann ag an am i gcás mar sin i Sasana, cé go roinntí £200 i measc scata finnéithe i gcásanna áirithe.

B’ionann an £1,250 a íocadh le ‘finnéithe’ Mhám Trasna agus €157,000 in airgead an lae inniu, de réir na Príomh-Oifige Staidrimh. 

Déantar cur síos in Éagóir ar chás a scoilt an pobal agus a d’fhág ciaptha cráite lucht na cumhachta, cás ochtar cainteoirí dúchais Gaeilge a cuireadh ar a dtriail agus ar gearradh pionós an bháis orthu i dteanga nár thuig siad.

Bhí baint mhór ag cás Mhám Trasna chomh maith le titim Rialtas Gladstone.

Is é Éagóir an chéad leabhar le Seán Ó Cuirreáin, an chéad Choimisinéir Teanga de chuid an Stáit, agus iar-iriseoir is iarchraoltóir. Is iad Cois Life atá á fhoilsiú. Bronnadh an chéad duais ar lámhscríbhinn an leabhair nua seo, fara leabhar eile, i rannóg na saothar neamhfhicsin ag gradaim liteartha an Oireachtais, 2015.

Seolfar Eagóir tráthnóna inniu ag 6pm san áit a mbíodh an Chúirt Choiriúil Speisialta ina suí go dtí 2010, an foirgneamh inar cuireadh Wolfe Tome agus Robert Emmet ar a dtriail. Ba ann freisin a a bhí trialacha Mhám Trasna. Tá fáilte roimh chách go dtí seoladh an leabhair.