Feisteas oibre atá faiseanta agus compordach ar phraghas réasúnta

Chuaigh ár gcomhfhreagraí ar thóir baill éadaigh nua oifige ar bhuiséad faoi bhun €120

Feisteas oibre atá faiseanta agus compordach ar phraghas réasúnta

Dúshlán ann féin é d’aon duine a bheith dea-ghléasta, néata ag an obair ach gan an iomarca airgid a chaitheamh ag an am céanna. Feictear dom féin gur tábhachtaí compord ná aon rud eile agus éide oibre oifige á roghnú. Don té a bheadh ag lorg inspioráide d’fheisteas oibre oifige, seo seacht gcinn de mholtaí ón éadach atá feicthe i siopaí na tíre agam le tamaillín anuas.

 

Seaicéad giortach i mbándearg ar €60 ó Topshop. D’fhéadfaí é seo a chaitheamh os cionn blús agus jíons le cuma beagán níos foirmiúla a chur ar fheisteas oibre. Tá na ruifilí ar an seaicéad éadrom seo go mór sa bhfaisean faoi láthair.

 

Brístí caola fáiscthe (skinny) le dearadh péarlach ar an bhfáithim ar €39.95 ó Zara. Dath dúghorm orthu seo mar mhalairt ar ghnáthbhrístí dubha leamha na hoibre 

 

Tá gearradh díreach ar na brístí bána seo a bhfuil pléataí chun tosaigh agus ar gcúl iontu agus atá ar fáil ar chostas €115.00 ó French Connection. Tá pócaí scoilte ar na taobhanna agus cuma an-chlasaiceach orthu. Infheistíocht mhaith a bheadh iontu seo agus iad ar fáil freisin i ndath dúghorm don té a mbeadh imní air faoin dath bán a choinneáil glan.

 

Tá ceangal muinchillí ar an mblús deas seo atá á thairiscint ón mbranda Savida (Dunnes Stores) ar €40.  V-mhuineál atá ar an mbarr seo atá níos deise ná an ghnáthléine bhán a chaitear go coitianta.

 

Bléasar struchtúrtha le huamanna maisithe agus V-mhuineál, ar fáil ar €49.95 ó Mango. Tá rogha de cheithre cinn de dhathanna i gceist – bán, dubh, buí agus bándearg. Seo bléasar clasaiceach ar phraghas maith. Taitníonn an gearradh atá ar na cufaí go mór liom féin.

 

Blús cadáis le ruifilí ar €25.95 ó Mango. Is breá liom an dath gorm seo agus na ruifilí atá chomh mór sin sa bhfaisean faoi láthair. Ní fhéadfaí blús oibre níos deise a aimsiú.

 

Más gúna beag dubh do rogha don obair, seo ceann álainn ar €72 ó Oasis. Gúna sifte a thugtar ar an gcineál seo gúna agus tá scolbáil dheas ar an bhfáithim ar an gceann ar leith seo. Bheadh sé seo an-oiriúnach don obair oifige ach léine bhán a chaitheamh leis.