Feisire Parlaiminte tar éis bháis i dtuaisceart Shasana de bharr a hionsaithe

Maraíodh an Feisire Jo Cox taobh amuigh den leabharlann ina raibh sí ag casadh le muintir an toghcheantair tráthnóna inniu. Tá fear amháin gafa ag na póilíní

Jo Cox
Jo Cox

Tá fear gafa ag West Yorkshire Police tar éis don Fheisire Parlaiminte Jo Cox (Páirtí an Lucht Oibre) a bheith maraithe ina toghcheantar i dtuaisceart Shasana tráthnóna.

Sádh agus caitheadh an Feisire Cox agus í taobh amuigh de leabharlann i Birstall i West Yorkshire agus í ag glacadh sosa ó chlinic le muintir a toghcheantair. Tugadh go Leeds General Infirmary í áit ar bhásaigh sí go gairid ina dhiaidh.

Gabhadh an fear, atá 52 bliain d’aois, gar do Market Street i Birstall.  Tuairiscítear gur caitheadh an Feisire Fox trí huaire sular sádh le scian seilge í “leathdhosaen uair”.

Dúirt duine de na daoine a chonaic an t-ionsaí go raibh cuma “lámhdhéanta” ar an ngunna a tharraing an t-ionsaitheoir as a mhála agus gur chiceáil sé an Feisire Cox agus í ar an talamh.

Toghadh an Feisire Cox i dtoghchán na bliana seo caite. D’fhreastail sí ar Ollscoil Cambridge agus bhíodh sí ina comhairleoir ag Sarah Brown, deirfiúr an iarPhríomh-Aire Gordon Brown, agus an Banbharún Kinnock sular toghadh ina feisire í.

Fág freagra ar 'Feisire Parlaiminte tar éis bháis i dtuaisceart Shasana de bharr a hionsaithe'