Féile Raifteirí i mBaile Átha an Rí agus Duke Special i mBéal Feirste

Beidh ceolchoirmeacha ar siúl thuaidh agus theas anocht

Féile Raifteirí i mBaile Átha an Rí agus Duke Special i mBéal Feirste

Féile Raifteirí, Halla an Bhaile, Baile Átha an Rí

Beidh ceolchoirm mhór Ghaelach ar siúl i mBaile Átha an Rí in oirthear na Gaillimhe anocht, Féile Raifteirí, agus beidh ceoltóirí agus amhránaithe ó cheann ceann na tíre ar an ardán.

Beidh an banna ceoil IMLÉ, a bhfuil go leor gradam bainte amach acu le bliain anuas, ar an ardán mar aon leis an bhfile as Ciarraí, Séamus Barra Ó Súilleabháin, Áine Ní Shíoradáin, Claire Keville, agus ceoltóirí óga an cheantair.

Is é Rossa Ó Snodaigh, ó bhanna ceoil KÍLA, a bheidh ina fhear an tí  anocht i Halla an Bhaile. Cuirfear tús leis an gceolchoirm ag 7.30 tráthnóna agus tá €5 ar thicéid.

Amárach, tiocfaidh lucht freastail na féile le chéile ag Uaigh Raifteirí ag meán lae, agus beidh tuilleadh ceoil, amhráin, scéalaíocht acu i Reilig na bhFilí. Cuirfear críoch le himeachtaí na féile le picnic do theaghlaigh.

Ulaid agus Duke Special, An Chultúrlann, Béal Feirste

Beidh ceolchoirm ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste tráthnóna le hairgead a bhailiú do Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste.

Cuirfear tús leis an gceolchoirm, ag a mbeidh an banna ceoil Ulaid agus an ceoltóir aitheanta Duke Special ag casadh, ag a 8 tráthnóna.

Tá an t-airgead á thiomsú ar mhaithe leis an gcéad Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste a bheidh ar siúl mí Lúnasa na bliana seo.

Beidh an scoil lonnaithe go príomha i gCeathrú na hArdeaglaise idir an 31 Iúil agus an 4 Lúnasa, agus táthar ag súil go nglacfaidh na céadta ceoltóir traidisiúnta páirt sa scoil.

Fág freagra ar 'Féile Raifteirí i mBaile Átha an Rí agus Duke Special i mBéal Feirste'