Féile Chnoc Fola ag tosú Dé hAoine i nGaeltacht Thír Chonaill

Is í an file agus an t-údar Máire Dinny Wren a sheolfaidh an fhéile in Ionad Pobail Chnoc Fola oíche Dé hAoine, áit a mbeidh siamsaíocht á cur ar fáil ag páistí, ceoltóirí agus damhsóirí an cheantair i ndiaidh an tseolta

Féile Chnoc Fola ag tosú Dé hAoine i nGaeltacht Thír Chonaill

Féile Chnoc Fola 2016. Pictiúr: Tommy Curran

Tá muintir Chnoc Fola i nGaeltacht Thír Chonaill ag fáil faoi réir d’Fhéile Chnoc Fola a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo sa cheantar beag Gaeltachta i bhfíorthuaisceart na tíre.

Is í an file agus an t-údar Máire Dinny Wren a sheolfaidh an fhéile in Ionad Pobail Chnoc Fola oíche Dé hAoine, áit a mbeidh siamsaíocht á cur ar fáil ag páistí, ceoltóirí agus damhsóirí an cheantair i ndiaidh an tseolta.

Seolfar leabhar nua filíochta le Collette Doherty, as an gCarraig, an oíche sin freisin agus bronnfar an gradam ‘Pearsa Pobail Cheantar Chnoc Fola’ ar dhuine de mhuintir na háite le linn an deireadh seachtaine.

Ar an Satharn, beidh ‘Lá Traidisiúnta’ ag Teach Mhuiris i mBun an Leaca ar feadh an tráthnóna. Beidh taispeántais cheardaíochta, fheirmeoireachta agus chócaireachta a léireoidh an saol mar a bhí sa cheantar san am a chuaigh thart ar siúl ar feadh an lae.

I measc na dtaispeántas sin, beidh léiriú ar an mbealach a ndéantaí im i gCnoc Fola, léiriú ar ‘chasadh an tsúgáin’, chomh maith le harán baile agus bia na mara as farraigí Thír Chonaill a chócaireacht. Beidh seisiúin cheoil agus céilí ar siúl freisin mar chuid den fhéile phobail seo.

Tráthnóna Dé Domhnaigh beidh ‘Tóraíocht Taisce Gluaisteáin’ tríd an gceantar. Beidh costas €10 an carr i gceist agus beidh treoracha le leanúint timpeall an cheantair ar thóir an ‘taisce’. Níos deireanaí sa lá beidh cluiche dúshláin peile idir Bun na Leaca agus Cnoc Fola agus muintir an dá bhaile fearainn san iomaíocht do chorn na féile.

Beidh cluiche mór biongó ar siúl san ionad pobail agus ina dhiaidh cuirfear clabhsúr leis an bhféile ag céilí mór i dTeach Jack.

Fág freagra ar 'Féile Chnoc Fola ag tosú Dé hAoine i nGaeltacht Thír Chonaill'