FREAGRACHTAÍ:
- Cumarsáid don mhór-réimse ó thuaidh & cúnamh do na mór-réimsí eile
- Tacaíocht don Bhainisteoir CTI ó thuaidh
- Cosaint tráthúil a dhéanamh ar an Ghaeilge ar ionsaithe uirthi ó thuaidh sna meáin éagsúla, na meáin shóisialta san áireamh
- Feachtais a eagrú agus a stiúradh le haird a dhíriú ar ghnéithe ar leith den Ghaeilge a d’fhéadfadh bheith faoi ionsaí ó am go chéile
- Straitéis a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm le stádas agus minicíocht úsáid na Gaeilge sna meáin shóisialta agus sna meáin chumarsáide a mhéadú
- Cumarsáid a dhéanamh go rialta agus go réamhghníomhach leis na meáin chumarsáide agus leis na meáin shóisialta
- Tacaíocht agus oiliúint a chur ar fáil do ghrúpaí Gaeilge ó thuaidh len iad a chumasú níos fearr le déileáil leis na meáin chumarsáide agus leis na meáin shóisialta
- Gaol a chruthú agus a chothú le hiriseoirí agus eagarthóirí faoi leith sna meáin chumarsáide ó thuaidh
- An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí ó thuaidh a fhorbairt
Scála Tuarastail: Oifigeach Feidhmiúcháin – EO1: £25,871 – £27,271
Láthair Oibre: Béal Feirste
Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoin Déardaoin, 27 Samhain 2014 ag 14.00
Beidh na hagallaimh do na poist seo ar siúl ar 3 nó 5 Nollaig 2014
Cur síos ar an té a cheapfar agus na freagrachtaí iomláin ar na poist ar fáil ag
www.cnag.ie/post nó cuir ríomhphost chuig post@cnag.ie.