FEIDHMEANNACH ANAILÍSE & TAIGHDE

Conradh na Gaeilge

conradhAodhan

FREAGRACHTAÍ:

  • Anailís & taighde don mhór-réimse ó dheas & cúnamh do na mór-réimsí eile
  • Aighneachtaí cuimsitheach taighde-bunaithe a chur le chéile do na feachtais agus na comhairliúcháin
  • Anailís agus monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm reachtaíocht reatha agus aon reachtaíocht nua molta sa dá dlínse gur féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ann
  • Córas measúnaithe rioscaí a bhunú le bheith réamhgníomhach i leith ionsaithe ar an teanga agus socruithe teagmhasacha a réiteach dá réir sin
  • Anailís a dhéanamh agus monatóireacht ar chur i gcrích fhorálacha cuí na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh
  • Córas coimhdéadta a riaradh leis an Ghaeilge a chosaint ar ionsaithe ag leibhéal réigiúnach, fo-réigiúnach & áitiúil de réir mar is gá
  • Aighneachtaí a sholáthar ar cheisteanna a bhaineann le leas na Gaeilge agus comhairle agus treoir a chur ar an phobal agus ar eagraíochtaí eile i leith na gceisteanna sin

Scála Tuarastail: Oifigeach Feidhmiúcháin: €27,464- €43,178

Láthair Oibre: Beidh an láthair oibre luaite sa tairiscint a dhéanfar don té go n-éiríonn leis/léi

Spriocdháta:
Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@cnag.ie faoin Déardaoin, 27 Samhain 2014 ag 14.00
Beidh na hagallaimh do na poist seo ar siúl ar 3 nó 5 Nollaig 2014
Cur síos ar an té a cheapfar agus na freagrachtaí iomláin ar na poist ar fáil ag
www.cnag.ie/post nó cuir ríomhphost chuig post@cnag.ie.