Feicfear inniu cén bhearna atá idir Roinn 1A agus Roinn 1B

Shílfeá gur ag na foirne ó Roinn 1A, Cill Chainnigh agus Port Láirge, atá an buntáiste inniu i gcluichí leathcheannais na sraithe

INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Port Láirge v Luimneach, Staid Semple, 2p.m.

Agus iad ag tabhairt aghaidh ar Phort Láirge i gcluiche leathcheannais na sraithe tráthnóna, tá iománaithe Luimnigh ag iarraidh macasamhail de ghaisce na nDéiseach anuraidh a dhéanamh agus an tsraith a bhuachan ó Roinn 1B.

Is ait an scéal é go bhféadfadh foireann TJ Ryan an tsraith a bhuachan cé go mbeidh siad fós ag imirt sa dara roinn an bhliain seo chugainn toisc gur theip orthu an t-ardú céime a bhaint amach. Is cinnte áfach, gur mhór an spreagadh a bheadh ann dóibh cluiche ceannais na sraithe a bhaint amach, nó a bhuachan fiú.

Léiríonn cás Luimnigh cé chomh deacair is atá éalú ó Roinn 1B. Ó 2014 níl ach dhá chluiche sraithe caillte acu sa roinn ach fós féin, d’éirigh le Corcaigh, Port Láirge agus an Clár faoi seach críochnú os a gcionn sa tábla. Thaispeáin siad ina gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh Bhaile Átha Cliath áfach, nach bhfuil bearna mhór eatarthu féin agus na foirne sa chéad roinn.

Bua dhá phointe a bhí ag Luimneach, 1-21 in aghaidh 1-19, sa chluiche sin, agus borradh fúthu toisc imreoirí na bPiarsach a bheith fillte. An babhta seo, ba bhuille dóibh é má bhíonn an tosach Declan Hannon, nár imir le cúpla seachtain anuas, in easnamh de bharr gortú rúitín.

go bhfuil Port Láirge i Roinn 1B, is cinnte nach mbeidh Derek McGrath, bainisteoir Phort Láirge, réchúiseach faoin gcluiche seo. Is ar éigean a fuair na Déisigh an ceann is fearr ar Loch Garman ina gcluiche ceathrú ceannais agus pointe amháin ag scaradh na bhfoirne coicís ó shin.

Is cúis imní é do McGrath gurb é cúl Tom Devine in aghaidh Thiobraid Árann an t-aon cheann amháin atá aimsithe acu i sraith na bliana seo. Ba é an bua ceithre phointe a bhí acu i gcoinne Chill Chainnigh sa chéad bhabhta an bua is mó a bhí acu i rith na sraithe agus ciallaíonn an easpa cúl seo gurb annamh a bhíonn farasbarr mór acu. Tá 11 cúl aimsithe ag Luimneach i sé chluiche sraithe go dtí seo.

Ar an lámh eile, ba iad Port Láirge ba láidre ó thaobh na cosanta de i Roinn 1A i mbliana agus bíonn sé deacair ag foirne deiseanna scórála a chruthú ina gcoinne.

Comhscór a bhí ann nuair a chas na foirne seo ar a chéile anuraidh sa tsraith agus tá an chosúlacht air gur archoimhlint a bheidh ann arís inniu ach, leis an taithí atá ag Port Láirge le bliain anuas, seans gur acusan atá an buntáiste.

Rogha Tuairisc.ie: Port Láirge

Munster Senior Hurling League Round 2, Gaelic Grounds, Limerick 19/1/2016 Limerick vs Waterford Limerick's Wayne McNamara, Michael Reidy and Richie McCarthy tackle Austin Gleeson of Waterford Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Cill Chainnigh v An Clár, Staid Semple, 4p.m.

Is é an míbhuntáiste is mó a bhaineann le séasúr a chaitheamh i Roinn 1B d’fhoireann ar nós Chontae an Chláir ná an easpa cluichí in aghaidh foirne d’ardchaighdeán. Agus Tiobraid Árann sáraithe ag iománaithe an Chláir coicís ó shin, agus iad anois ag tabhairt aghaidh ar Chill Chainnigh, ní bheidh an chúis ghearáin áirithe sin ag Davy Fitzgerald faoin am a thiocfaidh tús na craoibhe.

I bhfianaise an bhua a bhí acu in aghaidh Luimnigh ag deireadh mhí an Mhárta agus an taispeántas breá a thug siad uathu in aghaidh Thiobraid Árann, tá aird an phobail ar an dea-obair atá á déanamh ag Fitzgerald agus Dónal Óg Cusack sa Chlár. Níor cuireadh mórán stró orthu roimhe sin i Roinn 1B ach tá an chuma orthu anois go mbeidh siad in ann iarracht cheart a thabhairt faoi Chraobh na Mumhan níos déanaí sa samhradh.

Is maith an dul chun cinn atá á dhéanamh acu go háirithe má chuimhnítear ar an gconspóid ar fad a bhí ann an t-am seo anuraidh faoi imreoirí a bheith á ruaigeadh ón bpainéal.

Agus Podge Collins tagtha ar ais óna ghortú, is beag atá ag cur as d’iománaithe an Chláir faoi láthair agus beidh siad sásta an deis a fháil aghaidh a thabhairt ar an bhfoireann a chuir síos go Roinn 1B iad anuraidh.

Faoi dhó a chas foireann Chill Chainnigh agus an Chláir ar a chéile i sraith na bliana seo caite, an cluiche dícháilithe sin san áireamh, agus bua aon phointe amháin a bhí ag foireann Brian Cody sa dá chás.

Amhail an Clár, níl mórán cainte á dhéanamh faoi Chill Chainnigh i mbliana. Anuraidh, bhí neart plé á dhéanamh faoin bhfoireann agus cén chaoi a n-éireodh leo gan na réaltaí a d’éirigh as.

Dar ndóigh, níor thit an tóin astu agus, i mbliana, tá deiseanna tugtha arís ag Cody d’imreoirí nua. Cé go raibh botúin le feiceáil ina gcuid imeartha anseo agus ansiúd, beidh Cody sásta go maith leis an bhforbairt atá déanta acu agus go háirithe an dul chun cinn a bhí le feiceáil nuair a thug siad greadadh d’Uíbh Fhailí sa chluiche ceathrú ceannais, cluiche ina raibh scata imreoirí nua ag imirt do na Cait.

Gach seans go mbeidh cuma níos láidre fós ar an bhfoireann i gcluiche an lae inniu agus cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag an gClár seans go léireofar inniu an bhearna idir an fhoireann is fearr i Roinn 1A agus an fhoireann is fearr i Roinn 1B.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'Feicfear inniu cén bhearna atá idir Roinn 1A agus Roinn 1B'