Fear óg Gaeltachta tugtha isteach in acadamh rugbaí Chonnacht

Is é Colm de Buitléar an chéad imreoir ó fhoireann rugbaí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua a bhfuil áit bainte amach aige in acadamh Chonnacht

Fear óg Gaeltachta tugtha isteach in acadamh rugbaí Chonnacht

Tá fear óg as Gaeltacht Chonamara tugtha isteach in acadamh rugbaí Chonnacht don séasúr seo.

Tá Colm de Buitléar, as an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe, ar dhuine de naonúr imreoirí atá tugtha isteach san acadamh atá faoi chúram Eric Elwood, iarimreoir agus iarchóitseálaí Chonnacht. Is é de Buitléar an chéad imreoir ó chumann rugbaí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua a bhfuil áit bainte amach aige in acadamh Chonnacht.

Is ar na cliatháin nó mar lánchúlaí is mó a imríonn de Buitléar, atá ag imirt le foirne faoi-aois Chúige Chonnacht le roinnt blianta agus le foireann OÉ Gaillimh faoi láthair.

D’imir an t-imreoir óg d’fhoireann forbartha an chúige, na Connacht Eagles, anuraidh, agus fuair sé triail le foireann Faoi-20 na hÉireann freisin.

D’fhreastail de Buitléar ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin  ar an gCeathrú Rua agus bhí sé ar fhoireann na scoile a bhuaigh Craobh Chonnacht anuraidh, an chéad scoil Ghaeltachta ar éirigh leo an gaisce sin a dhéanamh. D’aimsigh de Buitléar trí úd sa chluiche ceannais in aghaidh Gortnor Abbey as Maigh Eo.

Triúr eile atá tugtha isteach ag Acadamh Chonnacht do 2017/2018, Luke Carty, Seán Masterson agus Paul Boyle. Tá deartháireacha le Carty agus Masterson, Jack agus Eoghan, ag imirt d’fhoireann shinsir Chonnacht. Bhí Paul Boyle ina chaptaen ar fhoireann Faoi-20 na hÉireann ag Craobh an Domhain i mbliana.

Tá áit bainte amach ar fhoireann shinsir Chonnacht ag roinnt iarimreoirí de chuid Acadamh Chonnacht le tamall de bhlianta anuas, ina measc Kieran Marmion, Tiernan O’Halloran agus Finlay Bealham.

Fág freagra ar 'Fear óg Gaeltachta tugtha isteach in acadamh rugbaí Chonnacht'