Fear na hanála fillte agus cruinne Star Wars éirithe níos dorcha

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Bainfidh lucht leanta na sraithe súp as ‘Rogue One: A Star Wars Story’ a dhéanann iarracht a iomaire féin a threabhadh sa réaltra úd i bhfad bhfad uainn

Fear na hanála fillte agus cruinne Star Wars éirithe níos dorcha

Stiúrthóir: Gareth Edwards

Cliar: Felicity Jones, Diego Luna, Alan Tudyk, Donnie Yen, Mads Mikkelsen.

Bhí blas riamh againn ar bheagán Star Wars. I ndiaidh don chéad chnuasach lucht féachana ar fud an domhain a chur fé dhraíocht bhí feitheamh fada ar chosa laga ar feadh sé bliana déag go dtí gur thug an dara cnuasach suaimhneas éigin dúinn. Ansin b’éigean dúinn fanacht deich mbliana eile  leis an gcéad ghála eile. Anois dála na mbusanna tá scata acu ag teacht sa mhullach orainn. Tá súil agam ná millfidh an raidhse an tsuaithinseacht a bhaineann leis an tsraith.

Saothar aonair é seo sa tslí is nach mbaineann sé go dlúth leis an gcanóin. Tá an scéal seo suite roimh eachtraí tháirge bunaidh Lucas (an chéad cheann a deineadh, ach an ceathrú gála go cróineolaíoch). Tagraítear do chuid de na carachtair chéanna agus lucht na hImpireachta céanna mar bhithiúnaigh againn.

Ag tús an scannáin címid cailín óg ar a teitheadh i ndiaidh do bhligeaird na hImpireachta a hathair (Mads Mikklesen) a ghabháil le cabhrú leo bailchríoch a chur ar an ‘Death Star,’ an t-árthach ollscriosta úd a bhí chomh lárnach sin i dtáirge 1977. Blianta ina dhiaidh sin déanann na ceannaircigh Jyn Erso (Jones) a earcú le cabhrú leo teagmháil a dhéanamh lena hathair agus árthach na hImpireachta a chur de dhroim seoil. Fan na slí bailíonn meitheal ildánach timpeall uirthi: an t-andróideach searbhasach K-2SO (Alan Tudyk), an ceannairceach taghdach Cassian Andor (Diego Luna) agus na gallóglaigh Chirrut Îmwe  agus Baze Malbus (Donnie Yen agus Wen Jiang). Iad sin ar fad agus Riz Ahmed (ó The Night Of), an píolóta a thréig an Impireacht. Ar an drochuair mheasas go raibh na príomhcharachtair uiscealach go maith agus nár tugadh dóthain ama don mheitheal dul i dtaithí ar a chéile.

Bhí cuid de na radharcanna tosaigh cuidsúlach agus sinn á dteilgean ó phláinéad go pláinéad ar luas lasrach. Cuireadh an ceannairceach antoisceach Saw Gerrera (Whitaker) os ár gcomhair agus ansin de dhroim seoil i bhfaiteadh na súl;  éachtaint ar an abláil a bhain le soláthar an scríbhinn.

Déantar an ‘Death Star’ a shamhlú go snasta ach ar an drochuair mheasas go raibh an chulaith ghaisce a bhain le cuid de na spásárthaigh leachta go maith. Cé go raibh cad é bús faoi na híomhánna ríomhghinte a bhain le carachtair/aisteoirí áirithe ó na scannáin eile a ‘athbheochan’, ní bhfuaireas aon mhórlocht ar na maisiúcháin agus mheasas gur úsáideadh na carachtair go cuí.

Tá an scannán seo ag iarraidh a iomaire féin a threabhadh agus dá bhrí sin níl aon Jedi againn agus ba bheag an úsáid a baineadh as an bhfórsa agus an claíomh solais. Bhí an teács scrollála agus an ceol suntasach féin in easnamh.

Ar a laghad bhí Darth Vader againn. B’fhiú táille an ticéid leis an mbithiúnach scáileáin is fearr riamh a fheiscint, agus James Earl Jones féin fillte chun an guthú a dhéanamh. De réir scéil ba iad Disney a d’éiligh go bhfillfeadh fear na hanála agus ba mhór an trua nár baineadh a thuilleadh adhmaid as.

Táirge é seo atá i bhfad Éireann níos dorcha ná saothair eile i gcruinne Star Wars. Bainfidh an lucht leanta súp as ach n’fheadar an bhfuil mórán ann do Thadhg an mhargaidh.

Fág freagra ar 'Fear na hanála fillte agus cruinne Star Wars éirithe níos dorcha'