‘Fear na bhfataí’ atá ag coinneáil beochta i seanfhataí na hÉireann

Tá 300 cineál fata ag David Langford gar dá theach cónaithe in aice le Béal Átha na Muice i gcontae Mhaigh Eo

potatob
‘Fear na bhfataí’ David Langford, ar dheis.

D’fhéadfá ‘fear na bhfataí’ a thabhairt ar David Langford arb é mian a chroí na seanchineálacha fataí a choinneáil beo ach tugann sé isteach na cineálacha is nuaí freisin. Tá 300 cineál fata aige gar dá theach cónaithe in aice le Béal Átha na Muice i gcontae Mhaigh Eo. ‘Fataí Oidhreachta’ is ea 70% acu – sin fataí a bhí ann roimh 1940. Thug sé píosa cainte sa bPáirc Náisiúnta i Leitir Fraic i gConamara an oíche cheana agus thrácht sé ar Chris Voigt, fear a bhfuil goile mhaith aige.

Is é Voigt an stiúrthóir ar Choimisiún na bhFataí i Stát Washington i Meiriceá. Bhí Voigt ag éirí bréan den chaint nach beatha mhaith, shláintiúil a bhí sna fataí agus shocraigh sé go dtabharfadh sé léargas ar an téagar atá sna fataí.

Ar feadh dhá mhí – chuile lá beo acu – mhair Voigt ar fhataí. Níor bhlais sé de bheata ar bith eile i gcaitheamh an ama ach an fata mar a d’fhás sé go nádúrtha gan beadaíocht ar bith.

Tar éis an dá mhí, bhí Voigt 18 punt níos eadroime críochnaithe agus bhí a bhrú fola íslithe. Bhí sé chomh fuinniúil, a deir sé, agus nach raibh a fhios aige cén spéir ba ghaire dó. Scór fataí sa ló a d’ith Chris Voigt le meabhair, mothú agus beocht a choinneáil ina cholainn.

Bhain an scéal seo cor as cuid mhór den lucht éisteachta i Leitir Fraic. Scór fataí sa ló!

potatoes1

An fata mar a tháinig sé as an talamh

Ar ndóigh, bheadh daoine timpeall ar Pháirc Naisiúnta Chonamara tráth den tsaol nach ndéanfadh mórán iontais den scéal. Ach b’shin glúnta eile agus saol eile in Éirinn. Tá an fata traidisiúnta agus craiceann maith láidir air imithe as an bhfaisean.

Tá caitheamh ina dhiaidh sin ag David Langford, Sananach, a bhfuil sé tugtha síos dó go bhfuil beocht coinnithe ann ag seanfhataí na hÉireann. “Beatha don ghlúin aosta é an foracún fataí anois”, a deir Dave.  “Na fataí agus craicne orthu agus béile maith acu a leagan isteach – níl sé ar an mbiachlár ag an dream óg”.

Creideann Dave gur mór an peaca é sin.  “B’fhearr agus ba folláine an béile sin ná na slisíní fataí atá báite sa ngréis agus na máilíní brúitín fataí atá ar sheilfeanna na n-ollmhargaí. Ach sin iad “‘fataí’ na linne seo”.

Bhí an t-am ann nuair a bhíodh daoine an-bhródúil as an toirt a bhíodh sna fataí a bhíodh acu. Go deimhin, thagadh scéalta isteach chuig Raidió na Gaeltachta faoi fhataí a bhíodh san an-mhéid. Bhíodh na scéalta sin ina n-ábhar cainte i measc an phobail sa bhfómhar. B’shin nuair a bhíodh píosaí móra fataí curtha ag daoine – an oiread agus a chuirfeadh fataí ar an mbord dóibh féin ar feadh formhór na bliana. Shílfeá nach bhfuil sé rófhada ó shin, ach na garantaí righne a bhíodh curtha ó chlaí go claí, tá an chuid is mó acu foircthe le haiteann agus driseacha anois.

Na Náisiúin Aontaithe agus Bob Dylan

Ní ceart go ligfí i ndearmad an chuid sin de shaol na tíre, a deir David Langford – tá an fata fite fuaite i saol agus i stair na hÉireann ar bhealach maith agus ar bhealach tragóideach. D’fhág an dúchán ar phrátaí sna 1840aidí duairceas agus dorchadas in intinn na nglúnta d’Éireannaigh, go dtí le gairid féin. Ar an taobh eile den scéal, ba bheatha théagartha a bhí sa bhfata a choinnigh teaghlaigh mhóra slán ón ocras; go deimhin, tá sé curtha ar an scála céanna leis an rís ag na Náisiúin Aontaithe mar bhunábhar cothaithe ina measc siúd a bhfuil baol ocrais orthu sna tíortha bochta. Reáchtáil na Náisiúin Aontaithe ‘Bliain an Fhata’ i 2008 le haird a tharraingt ar thábhacht na bhfataí le dhul i ngleic le fadhb an ocrais.

Is é an dúchan namhaid an fhata mar atá a fhios againn go maith sa tír seo. Ach de bharr ceirdeanna nua síolraithe, tá fataí ann anois atá beagnach slán ón mbaol sin ach níl cosaint iomlán in aghaidh an dúchain i mianach ar bith fós, a deir David Langford. Ag trácht dó ar an dúchan, insíonn David Langford scéal faoin gceangal atá ag na fataí leis an gceoltóir Bob Dylan agus leis an amhrán mór ‘Blowin’ in the Wind’. Thaithnigh an gharraíodóireacht le Bob Dylan ach tráth ar tháinig sé ar ais abhaile, bhí barrannaí a chuid fataí scriosta ag an dúchán.

De réir an scéil atá ag Langford ,is ansin scríobh sé ‘Blowin’ in the Wind’, amhrán atá gaibhte i bhfeidhm ar an saol le leathchéad bliain agus atá áirithe ar cheann d’amhráin mhóra an domhain.

Fág freagra ar '‘Fear na bhfataí’ atá ag coinneáil beochta i seanfhataí na hÉireann'