Fear Leitir Móir ainmnithe mar dhuine de laochra CLG

Bronnadh Dámhachtain na Laoch ar iar-iománaí na Gaillimhe John Connolly i bPáirc an Chrócaigh inniu in éineacht le Tony Doran, John O’Keeffe agus Dermot Earley

Fear Leitir Móir ainmnithe mar dhuine de laochra CLG

John Connolly. INPHO/Lorraine O'Sullivan

Bhí iar-iománaí na Gaillimhe, John Connolly ar dhuine den cheathrar laochra CLG ar bronnadh gradaim speisialta, Dámhachtain na Laoch, orthu inné i bPáirc an Chrócaigh.

Ba é Connolly, a rugadh i Leitir Móir, an chéad Ghaillimheach a bhuaigh Gradam All-Star nuair a bronnadh an gradam sin air i 1971. Thug sé ceann eile leis i 1970 ach ba é 1980 an bhliain ab fhearr a bhí ag Connolly agus é ag imirt.

Bhí sé ar an fhoireann an chontae a chuir deireadh leis an ngorta 57 bliain nuair a thug siad leo Corn Mhic Cárthaigh den chéad uair ó 1923 tar éis dóibh Luimneach a bhualadh i gcluiche ceannais na hÉireann. Ba é deartháir John, Joe Connolly, a bhí ina chaptaen ar na Gaillimhigh an lá sin agus bhí deartháir eile, Michael, ag imirt chomh maith.

Bhí muintir Chonghaile ina mbaill de chumann An Chaisleáin Ghearr i gcathair na Gaillimhe a thug  leo Craobh na hÉireann i 1980 agus cúigear den teaghlach ag imirt. Roghnaíodh John mar iománaí na bliana ag deireadh na bliana iontaí sin.

Ó d’éirigh sé as an imirt, chaith Connolly seal mar roghnóir agus traenálaí le foireann shinsir na Gaillimhe chomh maith le seal i gceannas ar fhoireann shinsir An Chaisleáin Ghearr.

B’iad Tony Doran (Loch Garman), John O’Keeffe (Ciarraí) agus Dermot Earley (Ros Comáin) na fir eile ar bronnadh Dámhachtain na Laoch orthu ag searmanas speisialta i gceannáras CLG inniu.

Bhuaigh Doran Craobh Iomána na hÉireann le Loch Garman i 1968 agus gan é ach 18 bliain d’aois agus bhí sé fós ag imirt i 1989, agus é 43 bliain d’aois, nuair a bhuaigh sé Craobh na hÉireann lena chumann Buffers Alley.

Meastar Earley, a bhásaigh in 2010, ar cheann de na peileadóirí is fearr nár bhuaigh Craobh na hÉireann riamh. Chaith an fear lár páirce beagnach 20 bliain ag imirt do shinsir Ros Comáin ach ní dheachaigh sé riamh níos gaire do Chorn Mhig Uidhir a bhuachan ná mar a rinne i gcluiche ceannais na hÉireann 1980 in aghaidh Chiarraí.

Bronnadh Dámhachtain na Laoch inniu chomh maith ag an té a bhí ag imirt mar lánchúlaí ag Ciarraí an lá sin, John O’Keeffe. Seacht n-uaire a bhuaigh O’Keeffe Craobh Shinsir na hÉireann agus é ag imirt leis an gcontae idir 1969 agus 1984. Bhuaigh O’Keeffe gach a raibh le buachan agus é ag imirt: Corn Uí Ógáin, Corn Sigerson, Corn an Bhóthair Iarainn agus craobhacha na hÉireann le Ciarraí agus le cumann Aibhistín de Staic .

Tá Dámhachtain na Laoch bronnta ar 42 duine ar fad ag CLG faoin dtráth seo.

Fág freagra ar 'Fear Leitir Móir ainmnithe mar dhuine de laochra CLG'