Fear i mbun curiarrachta domhanda ag siúl an bhealaigh trí Chonamara

Tá fear óg as Clár Chlainne Mhuiris i gContae Mhaigh Eo i mbun iarrachta faoi láthair curiarracht dhomhanda a bhaint amach agus é ag siúil cosnochta timpeall chósta na hÉireann

IMG_9892

Bhain Éamonn Keaveney cathair na Gaillimhe amach oíche Dé Céadaoin agus é ar a bhealach ó dheas ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is í an sprioc atá aige ná 2,000km de chósta na hÉireann a shiúl, cosnochta, agus é ag bailiú airgid don charthanacht Pieta House, a thugann cúnamh do dhaoine a mbíonn an féinmharú agus an féinghortú ag luí orthu.

IMG_9879

Tá Keaveney ag siúl le 13 lá agus tá an chéad sprioc bailiúcháin a leag sé amach dó féin, €5,000, sáraithe aige cheana féin agus gan ach 200km den 2,000km siúlta aige. Tá sprioc nua anois aige, €10,000, agus is féidir airgead a thabhairt dó ar an suíomh tiomsaithe airgid everydayhero.com.

Dúirt Keaveney le Tuairisc.ie go raibh sé fíorbhuíoch de na daoine uilig ar casadh orthu é ar an mbóthar agus a thug idir bhia agus lóistín dó. Lig óstán i mBóthar na Trá, i nGaillimh, do Keaveney fanacht oíche san óstán saor in aisce, sular thug sé aghaidh ar Chontae an Chláir.

IMG_9888

“Tá mé ag siúl le 13 lá anois, agus puball ar mo dhroim, ach ní raibh orm an puball a thógáil amach as an mála ach aon uair amháin. Táthar tar éis leaba a thabhairt dom i dtithe teaghlaigh, i dtithe ósta agus i dtithe lóistín ar feadh an bhealaigh. Táthar tar éis teacht amach ar an mbóthar os mo chomhair le brioscaí agus ceapairí agus deochanna a thabhairt dom. Tá mé fíorbhuíoch do chuile dhuine a chabhraigh liom, trí airgead a thabhairt dom nó aire a thabhairt dom,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Fear i mbun curiarrachta domhanda ag siúl an bhealaigh trí Chonamara'