Fear Gaeltachta a bheidh ag feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí ó mheán oíche anocht

Thug Nóirín O'Sullivan le fios don Taoiseach agus don Aire Dlí agus Cirt tráthnóna go raibh sí ag éirí as an bpost atá aici ó Mhárta 2014

Fear Gaeltachta a bheidh ag feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí ó mheán oíche anocht

Fear Gaeltachta a bheidh ag feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí ó mheán oíche anocht i ndiaidh do Nóirín O’Sullivan a fhógairt tráthnóna go raibh sí ag éirí as a cúram.

Is é an Leas-Choimsinéir Dónall Ó Cualáin, as Carna ó dhúchas ach atá ag cur faoi i gCois Fharraige le fada an lá, a bheidh ag feidhmiú mar choimisinéir nó go gceapfar comharba buan ar O’Sullivan. Beidh cumhachtaí agus cúraimí an Choimisinéara á leagan ar fhear Charna ar feadh na tréimhse sin.  

An tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan a d’fhógair go raibh an fear Gaeltachta á cheapadh aige mar Choimisinéir gníomhach.

Thug Ó Cualáin tréimhse mar sháirsint ar Inis Mór agus thug sé seal chomh maith mar cheannfort sna Gleannta i nDún na nGall. D’oibrigh sé ina dhiaidh sin arís mar Ard-Cheannfort i gcathair na Gaillimhe sular ceapadh mar choimisinéir cúnta é.

Thug Nóirín O’Sullivan le fios don Taoiseach agus don Aire Dlí agus Cirt tráthnóna go raibh sí ag éirí as an bpost atá aici ó Mhárta 2014. Tharla cuid mhaith conspóidí le linn do O’Sullivan a bheith sa phost is sinsearaí sa Gharda Síochána, an chonspóid is déanaí faoi thástálacha bréige anála agus cás Maurice McCabe san áireamh.

Fág freagra ar 'Fear Gaeltachta a bheidh ag feidhmiú mar Choimisinéir na nGardaí ó mheán oíche anocht'

  • Seán Mag Leannáin

    Is mór an trua nach féidir bheith ag súil lena mhacasamhail de seo (Gaeilgeoir mar cheannaire nó ag teacht i gcomharbacht ar cheannaire) in aon eagras mór eile de chuid an Stáit. Cén fáth? Mar níl siad ann.

  • Braoin

    Faraor ach ní bheidh an Gael seo ag fanacht ann. Imeoidh sé nuair a cheapfar an comharba ar Nóirín. Aontaím le Seán… is mór an trua é nach mbíonn cainteoirí Gaeilge atá inniúlach ar an obair ag teacht isteach sna postanna seo. Cheapfainn féin go ngabhfadh a leithéid cuid mhaith den bhealach le seirbhísí oifigiúla a chur ar fáil dúinn i nGaeilge cuma faoi nach mbeadh muid mórán thar an 1% féin. Thiocfadh fás air sin de réir a chéile.

  • Treasa Ní Cheannabháin

    Chuile ádh ar Dhónal Ó Cualáin, coilleach mo shráide fhéin as Iorras Aithneach! Fear uasal ionraic agus tá súil ám go gceapfar go buan é sa bpost. Is maith an agaidh air é a job nua, ach ní bheidh sé éasca an glanadh suas a dhéanamh is a bhfuil go phraiseach déanta le blianta!