Tá fear de bhunadh Ráth Chairn i gContae na Mí tar éis bháis i ndiaidh don ghluaisrothar a bhí á thiomáint aige bualadh faoi bhó ar an mbóthar ag 10.15pm aréir.
Bhí Mark Ó Conghaile, a bhí 28 bliain d’aois, ina chónaí i nGaeltacht na Mí, áit ar rugadh agus a tógadh a athair. Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh sé ag iarraidh dul thar charr a bhí amach roimhe ar an mbóthar nuair a tharla an timpiste. Ba é Ó Conghaile an t-aon duine a gortaíodh san eachtra.
Bhí an bóthar N51 dúnta fós ar maidin agus na Gardaí i mbun fiosrúcháin fhóiréinsigh ann. Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhí i láthair teagmháil a dhéanamh leo.
Maireann a thuismitheoirí Frank agus Ann, agus a dheartháireacha Darren, Brian agus Gary.
Fág freagra ar 'Fear de bhunadh Ráth Chairn tar éis bháis i dtimpist bhóthair'