Fear a rugadh ar Oileáin Árann is cúis le hainmniú Erin Hills an US Open…

Inniu tá ag bordáil ar 5,000 ina gcónaí in Erin, Wisconsin, agus i measc na mbóithre ar a bhfuil siad ina gcónaí ansiúd tá Galway Road, Cork Lane agus Dublin Drive

Fear a rugadh ar Oileáin Árann is cúis le hainmniú Erin Hills an US Open…

Tá líon na ndaoine a bhíonn ag breathnú ar an ngalf ar an teilifís ag titim go tréan, fós féin beidh na milliúin sáite sa scáileán nuair a thiocfaidh deireadh le Craobh Oscailte na Stát Aontaithe i Wisconsin anocht.

Níl a fhios agam cé mhéad acu siúd a thuigfidh gur fear a rugadh ar Oileáin Árann is cúis le hainmniú an chúrsa ar a bhfuil an comórtas á imirt – Erin Hills, atá tuairim is 35 míle siar ó thuaidh de Milwaukee nó 125 míle ó thuaidh de Chicago.

Sa mbliain 1814 a saolaíodh John Whelan agus nuair a bhí sé 17 bliain d’aois d’fhág sé féin, a athair Peter agus a mháthair Mary (Gill) an t-oileán go ndeachaigh siad ar imirce go Bostún.

Phós John Whelan bean darbh ainm Mary Hennessy sa mbliain 1841 agus go gairid ina dhiaidh sin shocraigh na Faolánaigh ar fad tabhairt faoin dúshlán faoinar thug na mílte míle eile agus thugadar a n-aghaidh siar – féachaint a theacht ar áit ina lonnóidís agus a mbainfidís maireachtáil amach.

Shroicheadar Washington County i dtuaisceart Wisconsin in 1842, dúiche álainn atá lán le cnoic, sléibhte agus locha agus ina raibh talamh á roinnt ar lonnaitheoirí ag an rialtas le dhá mhí dhéag nó mar sin.

Éireannaigh den chuid ba mhó a bhí ag cur fúthu san áit. Chomh maith le John Whelan a fuair 120 acra agus Peter Whelan a fuair ceithre scór acra , bhí Mainnínigh, Grádaigh, Rianaigh, Cuinn, Laoi, Dálaigh, Conchubharaigh, Gearaltaigh, Breathnaigh, Loingsigh, Maolánaigh, Cualánaigh agus Gallachóraigh mar aon le muintir Mhurchú, Uí Fhloinn, Uí Dhonnchú, Ui Chionnaith, Uí Éalaithe agus Uí Eathírn orthu siúd a fuair gabháltais sa gceantar.

Leagadar siúd isteach ar leagan na gcoillte faoina raibh an áit brataithe , thugadar an talamh chun míntíreachais agus tá go leor dá sliocht á shaothrú go dtí an lá atá inniu ann.

Faoin mbliain 1846 bhí oiread daoine sa gceantar agus gur beartaíodh baile beag a thógáil agus ar an 16 Eanáir an bhliain sin ghlac comhairleoirí tofa na háite le moladh ó John Whelan go dtabharfaí ‘Erin’ ar an mbaile.

De réir a chéile tógadh scoil, séipéal agus teach poist.

De bhunadh na hÉireann ab ea 90% de na daoine a rinne cónaí i mbaile Erin agus de réir nádúir ba Dhaonlathaigh iad ar fad – chomh láidir sin agus nár caitheadh oiread agus an vóta amháin féin d’iarrthóirí as aon pháirtí eile ann idir 1846 agus 1860.

Abraham Lincoln a d’athraigh an roth. Fuair seisean aon vóta amháin in Erin nuair a bhuaigh sé Toghchán na hUachtaránachta 1860. Fuair an té a bhí ag seasamh ina aghaidh, an Daonlathach Stephen A. Douglas, 182 vóta.

Daoibhse, mo dhála féin, nach dtuigeann cén chaoi ar tharla sé gur vótáil go leor de bhunadh na tíre seo do Donald Trump sa toghchán is deireanaí, b’fhéidir gur fiú súil a chaitheamh ar an bpatrún vótála in Erin, fiú 150 bliain ó shin.

Scór bliain tar éis do Lincoln an vóitín gágach amháin sin a fháil ansiúd fuair Poblachtánach eile, James A. Garfield, 59 vóta in Erin sa 20ú Toghchán Uachtaránachta. Anuraidh fuair Trump 70% de vótaí Erin agus Hilary Clinton 23%. Ach sin scéal eile.

Inniu tá ag bordáil ar 5,000 ina gcónaí in Erin, Wisconsin, go leor de na sloinnte atá luaite cheana agam le fáil ina measc. I measc na mbóithre ar a bhfuil siad ina gcónaí ansiúd tá Galway Road, Cork Lane agus Dublin Drive.

Tá os cionn 100 Whelan san eagrán is deireanaí den leabhar teileafóin in Erin, cuid mhaith acu de shíol na nÁrannach, Peadar agus Seán Ó Faoláin, a raibh deichniúr clainne aige féin agus ag Margaret Hennessy tar éis a bpósta.

Glac leis nach raibh aon suim ag ceachtar Faolánach ná ag a gcomharsana i ngalf – cur amú talún a thabharfadh siadsan agus go leor eile air, seans. Sin an fáth is dóigh nach bhfuil cúrsa Erin Hills, ar a bhfuil Craobh Oscailte na Stát Aontaithe á imirt ó Dhéardaoin seo caite oscailte ach le dornán beag blianta.

Ainneoin a n-easpa spéise sa gcluiche féin, tá mé cinnte go mbeadh na lonnaitheoirí ba thúisce sásta a chloisteáil nach bhfuil de rogha ag an té atá ag iarraidh imirt ar ‘Chruacha Glasa na hÉireann’ ach sin a dhéanamh de shiúl na gcos – ní ceadaítear aon chairrín gailf san áit, ná fiú na tralaithe a tharraingíonn tú i do dhiaidh.

$280 an costas atá ar an gcúrsa a imirt agus cé nach gá do dhuine é a dhéanamh, moltar giolla a fhostú ($55 + síneadh láimhe $65) má tá tú ag iarraidh solamar ceart a bhaint as an áit.

Ní deirtear i mbróisiúr an chúrsa é, ach ná bíodh ionadh ort más Faolánach, Gearaltach, Conchubharach, Loingseach etc. an t-ainm a bheidh ar do ghiolla.

Fiú murar amhlaidh an scéal, tabharfaidh tú faoi deara an tseamróg ar lógó na háite agus ar go leor rudaí eile timpeall an chúrsa.

Mar is léir daoibhse a chonaic tada den imirt as Erin Hills le cúpla lá, is ar thírraon thar a bheith álainn a tógadh an áit, talamh gainmheach, clochach, eascrach, a cruthaíodh nuair a thosaigh an t-oighearshruth ag leá i Meiriceá tuairim 20,000 bliain ó shin.

An mianach céanna mórán agus a d’fhág an leá ina dhiaidh san áit a d’fhág  Peter Whelan, a bhean chéile Mary Gill agus a mac John nuair a chuaigh siad ar imirce as Árainn sa mbliain 1831.