Fear a mhaígh go raibh sé san IRB ciontaithe i bpléascáin a bheith aige le linn cuairt Bhanríon Shasana

Tar éis trialach, mar a raibh ateangairí ag aistriú imeachtaí go Gaeilge, ciontaíodh Donal Billings i mbagairtí buamála a dhéanamh agus i bpléascáin a bheith ina sheilbh

Fear a mhaígh go raibh sé san IRB ciontaithe i bpléascáin a bheith aige le linn cuairt Bhanríon Shasana

Le linn chuairt Bhanríon Shasana ar an tír seo cúig bliana ó shin, chuir fear a bhí sé bliana le cois na trí scór buama dea-dhéanta, a d’fhéadfadh an-dochar a dhéanamh, ar bhus ar a raibh duine is tríocha, a dúradh sa Chúirt Choiriúil Speisialta inniu.

Fuarthas Donal Billings, a raibh seoladh aige i St Bridgets Court, Droim Lis, An Longfort, ciontach i bpléascáin a bheith ina sheilbh agus i mbagairtí buamála a dhéanamh ceithre huaire i mí na Bealtaine 2011, ar a n-áirítear uair ar dhúirt sé go raibh dhá mhoirtéar i gCaisleán Átha Cliath le linn an fhéasta stáit do Bhanríon Shasana Eilís.

Cuirfear pianbhreith air i gceann coicíse.

Cuireadh an Chúirt Choiriúil Speisialta ar an eolas faoi na bagairtí buamála agus faoin mbuama a fuarthas ar an mbus as Béal an Átha go Baile Átha Cliath le linn chuairt Bhanríon Shasana cúig bliana ó shin.

An 16 Bealtaine 2011, mar thoradh ar ghlaoch gutháin a rinneadh ar Stáisiún ns nGardaí sa Longfort, stop na Gardaí bus, a bhí ar a bhealach go Baile Átha Cliath, i Maigh Nuad agus duine is tríocha ar bord.

Tháinig siad ar bhuama dea-dhéanta i mála a bhí fágtha i stór an bhagáiste chomh maith le púdar gunna, peitreal, aonad amrialúcháin púdair agus fiús. Dúradh sa chúirt go bhféadfadh sé scrios ollmhór a dhéanamh dá bpléascfadh sé. Rinneadh bagairtí eile chomh maith faoi bhuama eile a bheith ar bhus eile, ag Ceanncheathrú Shinn Féin i mBaile Átha Cliath ach ní bhfuarthas aon cheann.

Trí thaifid fóin, nótaí, cárta SIM agus fón póca, sainaithníodh Donal Billings mar an té a rinne an glaoch gutháin.

Ghlaoigh sé arís dhá lá ina dhiaidh sin agus dúirt go raibh dhá mhoirtéar fágtha i gCaisleán Átha Cliath agus iad socraithe le go bpléascfaidís ag a 8pm, le linn an fhéasta stáit don Bhanríon.

“Tá mé i mo bhall do Bhráithreachas na Poblachta Scuad A,” a dúirt sé. “Do Bhanríon na Fola agus Chogadh na hIaráice an ceann seo.”

De bharr an chéad bhuama a fuarthas, dúradh sa chúirt gur glacadh gur bhagairt thromchúiseach a bhí inti ach nár thángthas ar aon ghairis phléascacha.

Rinneadh an  tríú glaoch dhá lá ina dhiaidh sin ag bagairt go raibh dhá bhuama eile i leithris Aerfort Chorcaí ach ní bhfuarthas aon rud ansin ach oiread.

Aithníodh Billings mar dhuine a bhí faoi amhras an lá sin, cuireadh faoi fhaireachas é agus gabhadh é an lá sin ag siopa LIDL sa Longfort. Dúirt sé leis na Gardaí nach raibh sé ach tar éis an cárta SIM a fháil sa charrchlós.

Tar éis trialach, mar a raibh ateangairí ag aistriú imeachtaí go Gaeilge, ciontaíodh Billings i mbagairtí buamála a dhéanamh agus i bpléascáin a bheith ina sheilbh. Bhí ciontuithe eile ina leith roimhe seo as pléascáin a bheith ina sheilbh i dTuaisceart Éireann i 1973, nuair a cuireadh 8 mbliana príosúin air.

D’iarr an fear sé bliana agus trí scór go scaoilfí amach ar bannaí é go dtí go mbeadh an Nollaig thart ionas go mbeadh deis aige a chúrsaí a chur i gcóir ach dhiúltaigh an chúirt sin dó agus dúirt go raibh cúig bliana aige leis na socruithe sin a dhéanamh.

Cuirfear pianbhreith air an 15 Nollaig.