Féadfaidh tú dul le bunmhúinteoireacht gan bacadh le scrúdú Gaeilge scríofa na hArdteiste…

Níl aon fhreagra faighte ag cláraitheoir Choláiste Phádraig ón Roinn Oideachais faoi riachtanas nua iontrála na Gaeilge a fhágann gur leor D1 sa Ghaeilge chun bunmhúinteoireachta

Féadfaidh tú dul le bunmhúinteoireacht gan bacadh le scrúdú Gaeilge scríofa na hArdteiste…

Ní cosúil go bhfuil aon athmhachnamh déanta ag an Roinn Oideachais ar pholasaí iontrála a fhágann go mbeidh duine in ann áit a fháil sna Coláistí Oiliúna gan fiú an páipéar scrúdaithe scríofa Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

Tiocfaidh an t-íosriachtanas Gaeilge nua sa chóras iontrála do na Coláistí Oiliúna i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2017, tráth a mbeidh duine cáilithe do chúrsa bunmhúinteoireachta ach grád D1, mar atá faoi láthair, a bhaint amach.

Gealladh i Márta na bliana seo go mbreathnófaí arís ar cheist an riachtanais iontrála Gaeilge sula dtosódh an bhliain nua scoile an tseachtain seo chugainn. Níl rud ar bith cloiste faoin scéal, áfach, ag cláraitheoir Choláiste Phádraig, Pádraig Ó Duibhir, ó scríobh sé chuig an Roinn Oideachais i mí na Bealtaine ag iarraidh soiléiriú faoin gceist.

“Scríobh mé chucu inné arís nuair a tháinig na torthaí CAO amach. Chuir Hewlitt College i gCorcaigh, coláiste diancheachtanna, giolc amach inar dúradh #slánhonourinirish agus spreag sé sin mé le soiléiriú a lorg ar an scéal.

“Bhí cruinniú ann i mí Mhárta agus dúradh gur ‘socrú eatramhach’ a bheadh ann. Tá na daltaí a bheidh i mbun na hArdteiste in 2017 tosaithe cheana féin agus tosóidh daltaí 2018 an tseachtain seo chugainn. Níl dóchas agam go mbeidh aon athrú ann roimh an tseachtain seo chugainn ach tá súil agam rud éigin a chloisteáil i lár mhí Mheán Fómhair,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Is é an bunriachtanas iontrála do na coláistí oiliúna a bheidh ann don Ghaeilge faoin gcóras nua marcála atá a thabhairt isteach don Ardteist ná ‘H5’, nó 50-59%.

Faoin seanchóras, theastaigh ar a laghad 55%, nó C3, i scrúdú Gaeilge na hArdteiste ó dhaltaí ar mhaith leo céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.

Féadtar suas le 40% de mharcanna iomlána an scrúdaithe Gaeilge don Ardteist a fháil ar an scrúdú cainte agus tá suas le 10% le fáil ar an gcluastuiscint, rud a fhágann go bhféadfadh dalta a dhóthain marcanna a ghnóthú le háit a fháil sna coláistí oiliúna gan an scrúdú scríofa a dhéanamh ar chor ar bith.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie níos túisce i mbliana, dúirt Ó Duibhir gur “ábhar buartha” é nár thapaigh an Roinn Oideachais an deis an t-íosriachtanas a ardú go 60%.

“Cuireann sé ionadh orm gur glacadh leis an gcinneadh sin, tá go leor ráite i gcaitheamh na mblianta faoi chaighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí. Ní haon rún é go raibh an grád C3 íseal mar a bhí agus bheinn buartha go bhfuil sé íslithe anois go 50%,” a dúirt sé.

Mhol an Chomhairle Múinteoireachta don Roinn Oideachais go n-ardófaí an bunriachtanas go 60%.

“Bhí tráth ann nuair a bhíodh daoine in ann an Ghaeilge a scríobh ach gan a bheith in ann í a labhairt. Bheinn buartha go leagtar an iomarca béime ar na scileanna labhartha anois agus nach dtuigtear an tábhacht a bhaineann leis an léamh agus an scríobh.

“Tá na scileanna uilig tábhachtach le bheith i do mhúinteoir bunscoile. Teastaíonn cumas cumarsáide agus muinín. Níl an t-am againn anseo a bheith ag tabhairt mac léinn a bheadh an-lag ó thaobh na Gaeilge de go dtí an leibhéal a theastaíonn leis an teanga a mhúineadh ó na naíonáin bheaga go dtí rang a sé,” a dúirt Ó Duibhir.

Baineann an t-athrú grádanna seo ní hamháin leis an nGaeilge ach leis an mBéarla freisin. Tá an t-íosriachtanas Béarla do chúrsaí céime sa bhunmhúinteoireacht tite faoin gcóras nua freisin. Tá an méid sin luaite ag Ó Duibhir sa litir a chuir sé chuig an Roinn Oideachais inné.

Fág freagra ar 'Féadfaidh tú dul le bunmhúinteoireacht gan bacadh le scrúdú Gaeilge scríofa na hArdteiste…'

  • Seán

    An bhfuil caighdean ábhar múinteoireachta ag dul in olcas os rud é nach bhfuil deiseanna agus tuarastal measartha. Bhíodh na caighdeáin níos airde tráth dá raibh. A thiarcais! Buile eile don teanga. Ba chóir gach bunscoil Múineadh trí mheán na gaeilge go rang a dó chun bunchloch bunúsach a chur ar fáil.