Cuireadh tús an tseachtain seo le feachtas sa Spáinn chun aicinn ar litreacha i haischlibeanna a chur chun cinn ar an suíomh sóisialta Twitter. Tá Fundación del Español Urgente tar éis dul i gcomhpháirtíocht le Twitter féin chun an feachtas a sheoladh.
Tá an feachtas á rith faoin haischlib #acentúate, a chiallaíonn ‘cuir aiceann ort féin’. Scríobhadh an haischlib 16,000 uair taobh istigh den chéad 24 uair a cloig den fheachtas, a tosaíodh Déardaoin seo caite.
Ghlac an t-aisteor mór le rá Antonio Banderas páirt san fheachtas agus sheol sé giolc agus é ag iarraidh ar an 192 míle leantóir atá aige aicinn a úsáid ina gcuid haischlibeanna.
Pon tildes a tus hashtags. Técnicamente funcionan igual y denota respeto por quienes nos leen. #acentúate pic.twitter.com/XlVSpuImtP
— Antonio Banderas (@antoniobanderas) September 16, 2015
“Cuirigí aicinn ar bhur haischlibeanna. Tá an fheidhm theicniúil chéanna acu agus léiríonn siad meas dúinne atá á léamh,” a scríobh Banderas.
Dar leis an Fundación, seachnaíonn go leor giolcairí aicinn ar na haischlibeanna mar creidtear nach féidir leis an gcóras iad a thaispeáint nó a léamh nó mar go gceaptar nach bhfeictear giolcacha a sheoltar le haiceann i sruth haischlibe nach bhfuil an t-aiceann á úsáid ann.
“Tá an deacracht, a bhíodh ann i ndáiríre cúpla bliain ó shin, sáraithe anois sa chaoi go dtaispeántar haischlibeanna a bhfuil aiceann orthu agus coda nach bhfuil araon i dtorthaí an chuardaigh ar Twitter. Mar sin, ní chuireann an ceartlitriú isteach nó amach ó taobh teicniúil,” a scríobhtar ar shuíomh an Fundación.
B’fhearr, a deirtear ann, na haicinn a úsáid agus na focail a litriú i gceart mar gur minic, cosúil leis an síneadh fada sa Ghaeilge, a athraíonn aiceann amháin brí iomlán an fhocail. Mar shampla, ‘an Béarla’ an chiall atá le ‘Inglés’ ach ‘an bhléin’ an chiall atá le ‘Ingles’.
Tá an deis á tapú ag an Fundación a mheabhrú do lucht labhartha na Spáinnise leaganacha Spáinnise de théarmaí nua a úsáid in áit na mbunfhocal Béarla. Glacadh le moladh an ghrúpa ‘tuit’ ar an bhfocal ‘Tweet’ cúpla bliain. Tá an leagan sin anois le fáil i bhfoclóir oifigiúil na Spáinnise, Real Academia Española.
Fág freagra ar 'Feachtas sábhála na n-aiceann tosaithe sa Spáinn'