Feachtas BÚA Aibreáin ag díriú ar Dhaonáireamh 2016

Tá BÚA na míosa seo ag iarraidh ar an bpobal leagan Gaeilge d’fhoirm an Daonáirimh a lorg agus an scéal a scaipeadh ar na meáin shóisialta le Twibbon nua

CensusIs ar Dhaonáireamh 2016 atá an feachtas BUA ag díriú an mhí seo. Tá BUA á reáchtáil ag Seachtain na Gaeilge le dhá mhí anuas agus téama nua acu gach mí.

Tá iarrtha ag an eagraíocht ar lucht a leanta ar na meáin shóisialta leagan Gaeilge d’fhoirm an Daonáirimh a lorg ón áiritheoir agus an scéal a scaipeadh i measc a gcuid cairde go bhfuil teacht ar an leagan sin.

Ní ar chainteoirí líofa amháin atá feachtas BUA na míosa seo dírithe ach ar phobal uile an stáit. Moltar do dhaoine a bheadh ag iarraidh tacú leis an bhfeachtas ach nach mbeadh chomh muiníneach sin as a gcuid Gaeilge an leagan Béarla den fhoirm a sheiceáil ar líne ach an leagan Gaeilge a líonadh agus a thabhairt don Lár-Oifig Staidrimh.

Tá Twibbon cruthaithe ag Seachtain na Gaeilge agus á scaipeadh faoi láthair ar Facebook agus Twitter le tacú le feachtas BUA. Ar an Twibbon feictear lógó Dhaonáireamh 2016 agus trí thic ghlasa taobh leis na focail ‘Foirm faighte’, ‘foirm líonta’, ‘scéal scaipthe’.

D’iarr Conradh na Gaeilge an tseachtain seo caite ar phobal na Gaeilge an leagan Gaeilge den fhoirm a lorg agus a líonadh freisin. Beidh daonra an stáit á áireamh an 24 Aibreán.

De réir threoirlínte na Príomh-Oifige Staidrimh, ba chóir go gcuirfeadh áiritheoirí an Daonáirimh ceist ar gach duine cé acu ar mhaith leo an Daonáireamh a líonadh as Gaeilge nó as Béarla agus ba chóir go gcuirfí rogha leagan Gaeilge na foirme ar fáil do gach teaghlach nuair a thagann na háiritheoirí chuig an doras.

Líon 7,751 teaghlach an leagan Gaeilge den fhoirm sa bhliain 2011, an uair dheiridh a ndearnadh daonáireamh sa stát. Táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an líon sin suas go 10,000 teaghlach i nDaonáireamh 2016.

Fág freagra ar 'Feachtas BÚA Aibreáin ag díriú ar Dhaonáireamh 2016'