‘Féachtar le dea-Ghaeilge chruinn a chinntiú ar gach clár Gaeilge ar TG4’

Freagra tugtha ag TG4 ar cholún ar Tuairisc.ie faoi chaighdeán na Gaeilge ag an stáisiún

PADRAIG O CIARDHA RACIAL ISSUES CAMPAIGNS IRISH LANGUAGE SPEAKERS
Pádhraic Ó Ciardha. Pictiúr: Photocall Ireland

‘Féachtar le dea-Ghaeilge chruinn a chinntiú ar gach clár Gaeilge,’ a chraoltar ar TG4, a deir Leascheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha.

I ráiteas a d’eisigh sé thar ceann an stáisiúin inné faoi cholún a foilsíodh ar Tuairisc.ie faoi chaighdeán na teanga ar TG4, dúirt Ó Ciardha go bhfuil “saineolaithe” ag an stáisiún a fhéachann i ndiaidh cruinneas teanga agus go gcoinnítear “súil ghéar ar fhotheidil chomh maith”.

“Táimid aireach agus féachtar leis an mbotún a cheartú in am agus an dea-shampla a thabhairt.  Faoi mar a bhíonn ar aon pháirc imeartha, tá daoine níos fearr ná a chéile agus is é nádúr an bheochraolta nach féidir dul siar ar an earráid atá déanta,” a dúirt Ó Ciardha.

Foilsíodh ar Tuairisc.ie ar maidin alt tuairimíochta lenár léirmheastóir teilifíse Breandán M. MacGearailt inar cheistigh sé tiomantas TG4 do cheartúsáid na Gaeilge, go háirithe i gcraoltaí spóirt an stáisiúin. Liostáladh san alt roinnt samplaí den droch-Ghaeilge a bhí i gceist ag an údar. Sick Parrot

Dúirt Pádraic Ó Ciardha:

“Tá go leor den cheart ag Breandán M Mac Gearailt. Bíonn an claonadh ag na meáin, idir chraoltóirí spóirt agus cholúnaithe nuachtán, dul i muinín cliché uaireanta nuair ab fhearr nath cainte níos úire.

“Níl aon mhonaplacht ag TG4 anseo. Chaillfinn an beagán gruaige atá fágtha ar mo mhullach dá gcaithfinn an t-earrach ag bailiú samplaí ó chraoltaí sacair/rugbaí  Sky Sports nó an samhradh ag cnuasach samplaí “droch-Bhéarla” ón Sunday Game  (beo nó marbh). Is cinnte go ngoilleann siad seo orthu sin a bhfuil dea-Bhéarla acu.”

B’ionann cás na Gaeilge agus cás an Bhéarla, a dúirt Leascheannasaí TG4.

Ghéill Ó Ciardha nach raibh “craoltóirí na Gaeilge saor ón ngalar” a bhí aitheanta ag comhfhreagraí Tuairisc.ie , ach bheadh sé sásta, a dúirt sé, an fód a sheasamh do chuid de na nathanna a bhfuarthas locht orthu.

“Sampla amháin lárpáirceoir, ar dóigh liom gur téarma cruinn é ar fhear/bean a imríonn san ionad sin. Is ceadmhach agus is gá téarmaí nua a chumadh, is dóigh liom, agus bheadh glacadh agam le scuabadóir freisin ar an mbonn céanna.  Ní lia duine ná tuairim ar chuid den obair seo, ar ndóigh.”

Maidir leis an áiteamh go mbíonn an iomarca den Bhéarlachas ar chláracha TG4, dúirt Ó Ciardha:

“Gan aon amhras, goilleann an Béarlachas ar ár gcluasa (agus ar ár súile freisin) nuair a thagaimid air ó pheann nó ó bhéal Gaeilgeora líofa. Tugaimid faoi deara, áfach, gur fearr a spreagann an moladh daoine ná an cáineadh”.

Dúirt an Leascheannasaí go gcuireann TG4 fáilte i gcónaí “roimh léirmheasanna agus roimh mholtaí chun feabhais”.

“Is é an scáthán an lionsa is neamhthrócairí ar fad. Is maith is fiú dúinn ar fad breathnú isteach ann go laethúil. Ní bhíonn saoi gan locht, mar is léir go minic sna meáin ar fad, do chuid léirmheastóirí féin ina measc,” a dúirt Pádhraic Ó Ciardha.