‘Féachann siad ar an nGaeilge mar ualach ar an gcáiníocóir…’ Fianna Fáil agus Fine Gael cáinte ag Adams

Dúirt ceannaire Shinn Féin Gerry Adams go bhfuil ‘droim láimhe’ tugtha ag Fine Gael agus ag Fianna Fáil don phlean infheistíochta a chuir Conradh na Gaeilge le chéile níos túisce i mbliana agus ‘gur léir’ dó nach bhfuil ceachtar den dá pháirtí ‘dáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn’

‘Féachann siad ar an nGaeilge mar ualach ar an gcáiníocóir…’ Fianna Fáil agus Fine Gael cáinte ag Adams

Is “cúis náire” d’Fhianna Fáil na ciorruithe a rinneadh ar mhaoiniú na Gaeilge i mBuiséad 2017, dar le hUachtarán Shinn Féin, Gerry Adams.

Mhaígh Adams inniu gur “baothchaint” a bhí sa “scéal mór” a rinne Fianna Fáil as a gcuid tosaíochtaí roimh an mBuiséad agus as a “dtiomantas do chistíocht bhreise don Ghaeilge”.

““In ainneoin na baothchainte seo uilig, tá laghdú 9% ar mhaoiniú don Ghaeilge agus do na hOileáin, agus in ainneoin an scéil mhóir a rinneadh as saol na tuaithe a chosaint i ndiaidh an toghcháin, cuireadh an dara ciorrú is mó i bhfeidhm ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha agus Gaeltachta,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil “droim láimhe” tugtha ag Fine Gael agus ag Fianna Fáil araon don phlean infheistíochta a chuir Conradh na Gaeilge le chéile thar ceann 80 eagraíocht Gaeilge níos túisce i mbliana agus “gur léir” dó nach bhfuil ceachtar den dá pháirtí “dáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn”.

“Féachann siad ar an nGaeilge mar ualach ar an gcáiníocóir, seachas mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht agus dár gcultúr ar cheart dúinn a chosaint, a chur chun cinn agus a chothú. Ba cheart do Fhianna Fáil agus Fine Gael náire a bheith orthu as a ndearcadh ar an Ghaeilge,” a dúirt sé.

Fógraíodh laghdú 9% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta Dé Máirt seo caite, ó €51.026 milliún in 2016 go dtí €46.736 milliún do 2017.

Laghdú sa bhuiséad caipitil a bhí i gceist ansin a bhaineann le hairgead a bhí curtha ar leataobh anuraidh do thógáil Theach an Phiarsaigh i Ros Muc agus d’fhorbairt Ché Inis Oírr. Seachas sin, is beag athrú atá tagtha ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta, seachas ardú €1.4 milliún ar an mbuiséad reatha.

San áireamh ansin, bhí méadú €440,000 do scéimeanna tacaíochta teanga, ó €6 milliún go dtí €6.44 milliún, méadú €60,000 d’Oifig an Choimisinéara Teanga agus méadú €250,000 araon do bhuiséad reatha Údarás na Gaeltachta agus do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Ní bhfuair Foras na Gaeilge ardú ar bith i mBuiséad 2017 agus beidh an leithdháileadh caipitil céanna ag Údarás na Gaeltachta i mbliana is a bhí acu anuraidh – €6.687 milliún – nuair a chuirtear san áireamh an milliún breise a tugadh don eagraíocht i meastacháin dheireadh na bliana seo caite.

Fág freagra ar '‘Féachann siad ar an nGaeilge mar ualach ar an gcáiníocóir…’ Fianna Fáil agus Fine Gael cáinte ag Adams'

  • Gabriel Rosenstock

    Caithfear iad a náiriú ar bhonn idirnáisiúnta agus coireanna in aghaidh an chultúir a chur ina leith.