FÉACHAIGÍ: Físeán drámata fothoinn de dheisiú cábla amach ó Inis Mór

Tá léargas físiúil drámata curtha ar fáil ag an BSL ar an obair dheisiúcháin atá curtha i gcrích acu ar an bpríomhlíonra leictreachais go hInis Meáin agus Inis Oírr

FÉACHAIGÍ: Físeán drámata fothoinn de dheisiú cábla amach ó Inis Mór

Tá sé tugtha le fios ag an BSL tráthnóna go bhfuil caoi curtha ag ESB Networks agus ag ESB International ar an bhfabht a bhí ar an gcábla fothoinn 2km amach ó chósta Inis Mór, fabht a d’fhág Oileáin Árann gan aon chumhacht ar feadh tamaill i mí Lúnasa.

Deir an BSL gur “baineadh úsáid as teicneolaíocht den chéad scoth” chun an soláthar leictreachais go hInis Meáin agus go hInis Oírr a chur ina cheart.

Bhí foireann 26 duine lonnaithe ag an BSL in Inis Mór le seacht seachtaine anuas agus táthar sásta go bhfuil an fabht deisithe anois tar éis diantástálacha ag an deireadh seachtaine.

Tá an cábla féin 10.5km ar fad agus é 20m faoin bhfarraige. Rinne Mat Cunningham, bainisteoir limistéir ESB Networks, cur síos tráthnóna ar an obair dheisiúcháin fothoinn.

“Thum saintumadóirí as Éirinn 97 uair ar fad mar chuid den obair dheisithe. Tá ESB Networks sásta go bhfuil cumhacht anois arís ag an dá oileán de bharr na mbealaí deisithe ardnuálacha a d’úsáid ESB International chomh maith le diantástáil,” a dúirt sé.

Dúirt Ollie Brogan, Bainisteoir Stiúrtha ESB International, gur bealach nua a bhí ann chun fabht dá leithéid a dheisiú.

“An modh traidisiúnta chun cábla faoin bhfarraige a dheisiú ná an cábla a tharraingt isteach ar bháirse nó ar long agus é a dheisiú ar dheic na loinge. Sa chás seo, áfach, tháinig tumadóirí oilte ar an gcuid lochtach den chábla trí ghnáthóg bhrúchóirithe a chur timpeall ar an gcábla.

“Is fearas úrnua a úsáideadh, fearas a úsáideadh den chéad uair riamh sa bhliain 2014 chun Idirnascaire na Maoile a dheisiú ar an láthair, ar ghrinneall na farraige,” a dúirt sé.

Dúirt Brogan gur “gearr le goradán ospidéil” an trealamh a úsáideadh chun an cábla a dheisiú.

“Tá fuinneoga agus scátháin ar an ngnáthóg freisin le radharc 360 céim a thabhairt do na tumadóirí ar an gcábla. Tá soilse agus ceamaraí uirthi, rud a chiallaíonn gur féidir maoirsiú a dhéanamh ar obair dheisiúcháin na dtumadóirí ó chábán rialaithe os cionn uisce,” a dúirt sé.

Gealltar ag deireadh an fhíseáin a chuir an BSL ar fáil inniu go bhfuil físeáin eile le teacht a inseoidh tuilleadh de scéal chábla Árann.

Testing equipment on the BargeREV