Feabhas curtha ar ‘An Draoi Gramadaí’ agus an leagan uasdátaithe á sheoladh ag an Oireachtas inniu

Tá uasdátú déanta ag lucht an Fhoclóra Nua Béarla Gaeilge ar ‘An Draoi Gramadaí’, an uirlis atá ar an suíomh Teanglann.ie a chabhraíonn le cainteoirí Gaeilge botúin ghramadaí a sheachaint

Feabhas curtha ar ‘An Draoi Gramadaí’ agus an leagan uasdátaithe á sheoladh ag an Oireachtas inniu

Tá uasdátú déanta ag lucht an Fhoclóra Nua Béarla Gaeilge ar ‘An Draoi Gramadaí’, an uirlis atá ar an suíomh Teanglann.ie a chabhraíonn le cainteoirí Gaeilge botúin ghramadaí a sheachaint, agus an leagan feabhsaithe le seoladh ag Oireachtas na Samhna tráthnóna.

Is inneall idirghníomhach atá bunaithe ar an mBunachar Gramadaí atá ar fáil ar an suíomh cheana féin. Tá dhá bhosca san inneall ina gcuirtear ainmfhocal agus aidiacht atá le fáil i bhFoclóir Uí Dhónaill agus taispeántar na bealaí cruinne leis an dá fhocal a chur le chéile.

Mar shampla, má chuirtear an t-ainmfhocal ‘fear’ agus an aidiacht ‘mór’ sa dá bhosca, taispeánfar: ‘fear mór/an fear mór’, ‘fir mhóir/an fhir mhóir’, ‘fir mhóra/na fir mhóra’, agus ‘fear mór/na bhfear mór’.

Tá an tuiseal tabharthach curtha leis an Draoi anois chomh maith, rud a fhágann go mbeidh úsáideoirí in ann réamhfhocail a chur le haon ainmfhocal agus aidiacht sa Bhunachar Gramadaí.

Chun réamhfhocal agus ainmfhocal a chur le chéile de réir rialacha gramadaí na Gaeilge roghnaítear réamhfhocal sa chéad bhosca san inneall, ainmfhocal sa dara bosca agus aidiacht sa tríú bosca. Tiocfaidh an t-eolas cuí aníos faoi bhun an Draoi Gramadaí. Gheofar eolas i dtaca leis an uimhir uatha agus iolra, leis an alt agus dá uireasa.

Is í Edel Ní Chorráin, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, a sheolfaidh an Draoi Gramadaí leasaithe i Seomra Torc in Óstán an Gleneagle ag a 4 a chlog inniu.

Chomh maith leis an seoladh seo, beidh seisiún eolais ar siúl ar na tionscadail fhoclóireachta go léir atá idir lámha ag Foras na Gaeilge agus eolas faoina bhfuil ar na bacáin acu chomh maith.

Seolfar go hoifigiúil freisin ag an Oireachtas an aip nua foclóirí a cuireadh ar fáil ar an Apple Store agus ar an Play Store an tseachtain seo caite.

Leagan aipe den suíomh Teanglann.ie atá i gceist leis na leaganacha digitithe d’fhoclóirí móra na Gaeilge a réitíodh don suíomh idirlín agus a bhfuil fáil orthu anois go héasca i bpóca an úsáideora.

Tá leagan aipe de shuíomh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge, Foclóir.ie, ar fáil le dhá bhliain anuas, ó seoladh é ag Oireachtas na Samhna 2015 i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Feabhas curtha ar ‘An Draoi Gramadaí’ agus an leagan uasdátaithe á sheoladh ag an Oireachtas inniu'