An Clár v Maigh Eo, Páirc Uí Chíosóg, 17.00i.n. (Beo ar RTÉ)
Agus é ag breathnú siar ar an taispeántas a thug Maigh Eo i gcoinne Dhoire i gCaisleán an Bharraigh Dé Sathairn seo caite, is cinnte go raibh neart machnaimh le déanamh ag Stephen Rochford faoi cén chaoi le rudaí a chur ina gceart ar an bpáirc traenála. Ar an drochuair, ní raibh mórán ama ag an mbainisteoir
Bua aon phointe dhéag a bhí ag Maigh Eo ar deireadh ach níor cheart go ndéanfadh an méid sin na deacrachtaí a bhí acu a cheilt. Bhí deis ag Doire an cluiche a bhuachan le cic saor in am cúitimh agus ba í aclaíocht imreoirí Mhaigh Eo an t-aon chúis gur tháinig siad slán as.
Má thugann Maigh Eo taispeántas den chineál céanna inniu i bPáirc Uí Chíosóg, bheadh súil ag Colm Collins go mbeidh a chuid imreoirí in ann an beart a dhéanamh. Thaispeáin an Clár in aghaidh Laoise go bhfuil siad go maith in ann na deiseanna a thapú nuair a thugtar dóibh iad. Scóráil an Clár 2-18 sa chluiche sin: 0-9 a d’aimsigh Eoin Cleary. Ba iad Jamie Malone agus Keelan Sexton a scóráil na cúil.
Ba é taispeántas Aidan O’Shea an t-aon údar mór dóchais a bhí ag lucht tacaíochta Mhaigh Eo ón gcluiche in aghaidh Dhoire. Ba é seo an cluiche craoibhe ab fhearr a d’imir O’Shea ó chluiche ceathrú ceannais na hÉireann 2015 agus má éiríonn leis a leithéid de thaispeántas a thabhairt uaidh arís tráthnóna, ba mhór an cúnamh do Mhaigh Eo é. Níl tada fónta feicthe againn ó Mhaigh Eo an samhradh seo ná níl aon fhianaise againn i mbliana go bhfuil siad mórán níos fearr ná an Clár, ach má bhíonn duine nó beirt eile, seachas O’Shea, ar ais ar a seanléim, ba cheart go n-éireodh leo.
Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo
An Mhí v Dún na nGall, Páirc Tailteann, 18.00i.n.
Foireann eile a thug lagthaispeántas uathu an deireadh seachtaine seo caite ná Dún na nGall. Sé iarracht déag a chuir na Conallaigh amú sa chluiche in aghaidh an Longfoirt agus gan acu ach cúig phointe ar fad ón imirt.
Ba é seo an dara cluiche as a chéile nach raibh cuma na maitheasa ar Dhún na nGall. Is maith is eol dá mbainisteoir, Rory Gallagher, go gcaithfidh feabhas mór a theacht ar chúrsaí agus aghaidh á tabhairt acu ar chontae na Mí, a bhuaigh a gcéad chluiche cáilithe ó 2011 Dé Sathairn seo caite. Bua dhá pointe a bhí acu sin ar Shligeach, 0-14 in aghaidh 1-9 agus ba iad cúilíní Mickey Newman agus Sean Tobin i dtreo dheireadh an chluiche a chinntigh an bua dóibh.
Murab ionann is Maigh Eo, seanfhoireann atá ag iarraidh a chruthú go bhfuil speach éigin iontu fós, is foireann óg iad Dún na nGall atá fós ag iarraidh dul i dtaithí ar chaighdeán imeartha na craoibhe seo. Cabhróidh gach cluiche leo, ach tá sé in am acu a mianach a léiriú.
Rogha Tuairisc.ie: Dún na nGall
Na cluichí i mBabhta 2B tráthnóna
An Cabhán v Tiobraid Árann, Páirc Breffni, 2.00i.n.
Ceatharlach v Liatroim, Páirc Uí Chuilinn, 3.00i.n.
Loch Garman v Muineachán, Páirc Loch Garman, 3.00i.n.
An Iarmhí v Ard Mhacha, Páirc Uí Chíosóg, 7.00i.n.
Mise Áine
Roghanna maithe, is léir..:-)