Fathach de chuid léann na hÉireann ar lár agus Donnchadh Ó Corráin ar shlí na fírinne

Bhí cáil i bhfad agus i ngearr ar Dhonnchadh Ó Corráin mar dhuine de na saineolaithe ba mhó ar domhan ar stair na hÉireann sna luath-mheánaoiseanna

Fathach de chuid léann na hÉireann ar lár agus Donnchadh Ó Corráin ar shlí na fírinne

Tá Donnchadh Ó Corráin, duine de mhórscoláirí léann stair na hÉireann, ar shlí na fírinne.

Ollamh Emeritus le Stair na Meánaoiseanna i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ab ea é a bhí aitheanta mar dhuine de na saineolaithe ba mhó ar domhan ar stair na hÉireann sna luath-mheánaoiseanna.

I measc na n-ábhar a mbíodh sé ag plé leo ina fhoilseacháin iomadúla bhí an tréimhse réamh-Normannach, cogaí na Lochlannach agus institiúidí, cultúr, dlíthe, litríocht agus foinsí stairiúla na luath-mheánaoise in Éirinn. Ba shaineolaí chomh maith é ar shanasaíocht ainmneacha na nGael agus bhí sé ina chomhúdar, lena bhean Fidelma Maguire, ar Irish Names inar bailíodh os cionn míle ainm Gaelach ó fhoinsí na staire agus na litríochta.

Clavis Litterarum Hibernensium, a foilsíodh i mbliana, an leabhar deireanach uaidh. Sa saothar sin cuireann sé síos ar gach téacs agus scríbhinn Éireannach ón mbliain 400 go 1600. I mbliana chomh maith a foilsíodh The Irish Church, its Reform and the English Invasion, saothar ina ndéanann sé athléamh radacach ar leasú na hEaglaise in Éirinn sa 12ú haois.

Ba as Cill Orglan i gCiarraí an Corránach agus ba thar teorainn i gCorcaigh a chaith sé formhór dá shaol mar scoláire. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Stair i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i 1964 agus bhí sé ina Ollamh san Ollscoil sin nó gur éirigh sé as in 2007. Thug sé sealanna ag obair chomh maith in UCD, Cambridge, Pennsylvania, Oslo agus Oxford, mar a raibh sé ina chomhalta de Balliol College.

D’fhan sé dílis don Ghaeilge ar feadh a shaoil agus bhí baint mhór aige le Gaeltacht Chorca Dhuibhne mar a raibh aithne mhór air. Chreid sé go láidir gur riachtanach d’aon staraí a bheadh ag plé le stair na tíre seo tuiscint a bheith aige ar an nGaeilge agus bunfhoinsí na Gaeilge.

Ba é a bhunaigh an iris Peritia, irisleabhar Acadamh na Meánaoiseanna in Éirinn agus d’fhógair lucht na hirise sin anocht go dtiomnófaí an chéad eagrán eile dó.

Ní raibh ansin ach léiriú amháin ar an meas air a léirigh a chomhghleacaithe san aos léinn agus iarscoláirí dá chuid aréir agus scéal a bháis á scaipeadh i bhfad agus i gcéin.

Méala mór a bhás dá bhean Fidelma (Maguire), dá gclann Tiarnán, Saorla, Gormla agus Aengus, dá ngarchlann Tadhg agus Oscar, dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha Humphrey, Patrick, Teddy, Séamus, Thomas, John, Noreen agus Paschaline agus dá ghaolta agus cairde uilig.

Fág freagra ar 'Fathach de chuid léann na hÉireann ar lár agus Donnchadh Ó Corráin ar shlí na fírinne'

  • Breandán Ó Riain

    Fear iontach, greannmhar, agus thar a bheith suimiúil. Ar dheis láimh Dé go raibh sé.

  • Neil Buttimer

    Deinim comhbhrón le Fidelma is leis an gclainn. Braithimid uainn é.

  • Ian Ó Caoimh