Fás suntasach le teacht ar líon na mban san fhórsa oibre as seo go ceann cúig bliana

De réir taighde nua ón ESRI, tiocfaidh méadú ar líon na mban a bheidh ag obair toisc ardú a bheith tagtha ar ghnóthachtáil oideachais

Fás suntasach le teacht ar líon na mban san fhórsa oibre as seo go ceann cúig bliana

Tiocfaidh fás suntasach ar líon na mban san fhórsa oibre as seo go ceann cúig bliana, de réir taighde nua atá foilsithe inniu ag an ESRI.

De réir an taighde tiocfaidh méadú ar líon na mban a bheidh ag obair toisc ardú a bheith tagtha ar ghnóthú oideachais i measc na mban le tamall de bhlianta anuas.

Deir an ESRI gur bhain mná leibhéal oideachais níos airde amach ar an meán le linn na géarchéime eacnamaíochta agus go leanfaidh an patrún sin as seo go ceann deich mbliana ar a laghad, rud a fhágfaidh go mbeidh níos mó ban san fhórsa oibre, go háirithe mná atá os cionn 40 bliain d’aois.

Nuair a thógtar san áireamh chomh maith go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine fásta in Éirinn, tiocfaidh fás tapa – idir 1.5% agus 2% in aghaidh na bliana –ar líon na mban san fhórsa oibre as seo go ceann cúig bliana, a deir an ESRI.

D’fhéadfadh laghdú ar an inimirce ghlan cur leis an bhfás seo chomh maith, a deir an ESRI.

Tá ardú suntasach tagtha ar ráta rannpháirtíochta na mban san fhórsa oibre ó thús na nóchaidí i leith, murab ionann agus ráta rannpháirtíochta na bhfear nár tháinig mórán athrú air le linn na tréimhse céanna.

I 1992, bhí 48% de mhná idir 20 agus 64 bliain d’aois san fhórsa oibre, ach faoin mbliain 2007 bhí an scéal amhlaidh i gcás 67% de mhná san aoisghrúpa céanna.

De réir an ESRI, bhain an t-ardú sin, ní hamháin le hathrú cultúir i ról na mban, ach le hardú ar ghnóthachtáil oideachais na mban agus le tuarastail níos airde a bheith ar fáil mar spreagadh.

Léiríonn taighde an ESRI, áfach, gur tháinig seasmhacht i ráta rannpháirtíochta na mban san fhórsa oibre ó thús na géarchéime eacnamaíochta. Sa bhliain 2015 bhí 68% de mhná idir 20 agus 64 bliain d’aois san fhórsa oibre.

Deir an ESRI go bhféadfadh gur rud ‘stuama’ a bheadh ann filleadh ar an ráta rannpháirtíochta níos ísle a bhí ann roimh an ngéarchéim. B’amhlaidh an scéal sa chás gur easpa deiseanna fostaíochta ba chúis le rannpháirtíocht bhreise na mban sa chóras oideachais agus nár thuill siad níos mó dá bharr.

Maítear chomh maith go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ann ó thaobh táirgiúlachta sa gheilleagar amach anseo, de réir mar a éireoidh mná atá amach sna blianta agus gan an oiread sin oideachais orthu as a bpoist. Sa chás sin thiocfadh mná a raibh deiseanna níos fearr oideachais ar fáil dóibh ina n-áit, a mhaíonn an ESRI. 

Fág freagra ar 'Fás suntasach le teacht ar líon na mban san fhórsa oibre as seo go ceann cúig bliana'