Fás sa gheilleagar agus titim sa dífhostaíocht á thuar ag an ESRI do 2016 agus 2017

Foilseofar ar maidin an Quarterly Economic Commentary is déanaí ón ESRI a thugann le fios go dtiocfaidh fás 4.8% ar an olltáirgeacht intíre (GDP) in 2016

David Duffy agus Kieran McQuinn ón ESRI. Sam Boal/RollingNews.ie
David Duffy agus Kieran McQuinn ón ESRI. Sam Boal/RollingNews.ie

Tiocfaidh fás 4.8% ar an olltáirgeacht intíre (GDP) in 2016, de réir thuarascáil ráithiúil an ESRI a fhoilseofar ar maidin.

De réir na meastachán is déanaí ag an ESRI tiocfaidh fás 4.1% ar an GDB le linn 2017. Meastar go dtitfidh an ráta dífhostaíochta faoi bhun 9% faoi dheireadh na bliana seo agus faoi bhun 8% roimh dheireadh 2017.

Tháinig fás 7.8% ar GDP in 2015. Tá an ESRI ag tuar go dtitfidh an dífhostaíocht go dtí 8.7% roimh dheireadh 2016 agus go dtí 7.5% roimh dheireadh 2017.

Tháinig fás 5% ar an olltáirgeacht náisiúnta (GNP) in 2015 agus táthar ag súil le fás 4.7% in 2016 agus 4.3% in 2017.

Dúirt údar na tuarascála David Duffy ón ESRI go raibh borradh láidir i ndán do gheilleagar na hÉireann i bhfianaise an t-ardú ar fhostaíocht agus táirgiúlacht, in ainneoin na héiginnteachta faoin eacnamaíocht dhomhanda.

“Le dhá bhliain anuas chonacthas an tábhacht a bhaineann le foinsí náisiúnta fáis ag méadú agus tá an chuma air gur amhlaidh a bheidh in 2016 agus 2017,” David Duffy ón ESRI.

Dúirt comheagarthóir na tuarascála Kieran McQuinn go mbeidh geilleagar na hÉireann i ngar dá bhuaic faoi dheireadh 2016.

“De bharr an t-ardú ar chaiteachas agus infheistíocht phearsanta a bhfuiltear ag súil leis in 2016, táimidne ag súil go mbeidh geilleagar na hÉireann i ngar dá bhuaic faoi dheireadh 2016,” a dúirt Kieran McQuinn ón ESRI.

Dúirt McQuinn go bhfuil an ESRI ag súil le fás níos mó ná 4% in 2017.

Fág freagra ar 'Fás sa gheilleagar agus titim sa dífhostaíocht á thuar ag an ESRI do 2016 agus 2017'