Fás na heite deise san Eoraip – an féidir é a stop?

Níor éirigh sa deireadh le Norbert Hofer san Ostair ach tá sé ró-luath osna faoisimh a ligean

Norbert Hofer
Norbert Hofer

Ligeadh osna faoisimh i measc bhunaíocht an Aontais Eorpaigh nuair nár éirigh le Norbert Hofer, ó Pháirtí na Saoirse san Ostair, uachtaránacht na tíre sin a bhaint amach

Ach tháinig an páirtí seo den eite dheis antoisceach an-ghar don bhua le 49.7% den vóta – comhartha go mbeidh tionchar acu ar pholaitíocht na hOstaire sa tréimhse seo romhainn.

Ar ndóigh, tá páirtithe agus polaiteoirí antoisceacha eile den eite dheis ann – Jobbik san Ungáir, Marine le Pen agus an Fronta Náisiúnta sa bhFrainc, agus Geert Wilders san Ísiltír.

Páirtithe iad seo a bhfuil fréamhacha acu, cuid mhaith, sa bhfaisisteachas cé go bhfágtar na gnéithe is gránna den chreideamh polaitiúil sin faoi dhreamanna níos imeallaí fós.

Ach in éineacht leis na páirtithe seo tá páirtithe eile den fhíor-eite dheis ann, ar nós PiS (Dlí is Ceartas) sa bPolainn, Fidesz san Ungáir, Páirtí an Phobail sa Danmhairg, Páirtí na bhFionlannach sa bhFionlainn, agus UKIP fiú i Sasana.

Tá rud amháin i gcoitinn ag na páirtithe seo: tá siad naimhdeach don inimirce, cuid acu ar shlí an-ghránna ar fad, agus molann siad sean-nósanna morálta a dtíortha féin.  Agus is beag meas a bhíonn acu go hiondúil ar pháirtithe eile, ná ar thuairimí daoine eile.

Ach tá difear suntasach idir na páirtithe seo agus na páirtithe faisisteacha a chuaigh rompu: ní bhíonn siad ag caitheamh anuas ar an lucht oibre nó ar a gcuid eagraíochtaí, ar nós ceardchumann.

Go deimhin, bíonn siad an-láidir ag cosaint cearta maidir le cúrsaí leasa shóisialaigh agus bíonn siad go mór ar son infheistíocht stáit le fostaíocht a chruthú. Baineann siad leas go minic as an gcineál cainte agus téarmaíochta a bhíodh tráth in úsáid ag páirtithe na heite clé.

Tá siad in ann é seo a dhéanamh toisc go bhfuil folús le líonadh toisc páirtithe an daonlathais shóisialta a bheith ar a ndícheall anois ag cosaint an rachmais – nó an rachmas ar mhaithe leis an bpobal mar is fearr leo a thabhairt air.

I ndiaidh teip an chumannachais in Oirthear na hEorpa níl mórán d’údarás fágtha ach an oiread ag na páirtithe cumannacha, fiú má tháinig siad slán as an tubaiste Shóivéideach.

Agus anuas air sin bíonn na páirtithe nua seo ar an eite dheis cáinteach faoin Aontas Eorpach agus faoin gcreimeadh ar an neamhspleáchas atá ar bun mar chuid den fhiontar a bhfuil sé d’aidhm leis ollstát a chruthú san Eoraip.

Dá bharr seo, is iad na tíortha a bhfuil na páirtithe seo láidir iontu na tíortha is mó a chuirfeadh fáilte roimh Brexit, nó Breatéalú mar a thugtar air, ’sé sin éalú na Breataine ón ollstát céanna.

Tá sé éasca mar sin míniú a thabhairt ar an easpa airde a thugann an lucht oibre sna tíortha seo ar an gcáineadh a dhéanann seanpháirtithe na heite clé ar na páirtithe nua seo. Ach ní léir go bhfuil tuairim ar bith ag an eite chlé conas déileáil leis an bhfeiniméan seo.

Cinnte, is rud gránna é an ciníochas, daoine a ionsaí toisc go bhfuil siad difriúil ó thaobh cine nó dath craicinn nó eile.  Agus gan dabht airíonn daoine measúla a bhfuil tuiscint ar chearta daonna acu gur fearr iad ná na daoine aineolacha atá ag dul i dtreo na bpáirtithe nua seo.

Ach cén chaoi daoine a mhealladh ar ais le seasamh leis na prionsabail a bhíodh tráth ag páirtithe cumannacha agus ag daonlathaigh shóisialacha?

Ní haon fhreagra é an coimpléasc uaisleachta seo, is ní mheallfaidh sé na hoibrithe ar ais go dtí páirtithe na heite clé, cuid mhaith acu, ar nós Pháirtí an Lucht Oibre s’againne, a thréig an aicme oibre fadó.

Sea, níl aon pháirtí den chineál sin i ndáiríre i bpolaitíocht na hÉireann.  Bhí an náisiúnachas anseo i gcónaí uileghabhálach, ’sé sin, is Éireannaigh muid uilig, más Gaeil, Gaill, Albanaigh nó eile ár sinsir.  Sea tá sloinnte mar Adams, Morrison, Burgess, Fusco, Emmet, Tone, Davis go fairsing i measc thírghráthóirí na hÉireann.

Ach ní haon bharántas é sin nach bhfásfaidh an ciníochas abhus freisin. Ní fadhb pholaitiúil in Éirinn an inimirce, ach tá teora leis an líon daoine ar féidir a thabhairt isteach sa tír gan míshástacht a chothú.

Tá machnamh níos doimhne ag teastáil seachas a bheith ag casaoid faoi dhaoine, agus caithfear aitheantas a thabhairt don mhíshástacht lena scoite amach is atá na húdaráis pholaitiúla uainn agus muid san Aontas Eorpach, Aontas ar cuma leis ann nó as muid don chuid is mó, agus Aontas a d’fhág an lucht oibre ar fud na hEorpa gan aon chosaint ar an ngéarchéim eacnamaíochta.

Má bhreathnaímid i gceart ar fhás na heite deise antoiscí ar fud na hEorpa, tuigfimid go bhfuil sé ró-luath osna faoisimh a ligean.